Thursday, October 8, 2009

Auf Cló: Macalla Thuairisc Uí Riain sa Ghearmáin



Is é "Im Namen des Herrn" (In Ainm an Tiarna) an teideal a bhronn an bheirt ealaiontóirí ar an bpíosa thuas. Cros atá ann a bhfuil bábóga tairneáilte di i gcuimhne ar an drochíde a d'fhulaing páistí sa Ghearmáin le linn na gcaogaidí agus na seascaidí i ndílleachtlanna agus in árais leanaí eile de chuid na n-eaglaisí.

Ag comhdháil inné i gcathair Hannover ghabh an tEaspag Margot Kässman ón Evangelisch-lutherische Landeskirche Hannover (Eaglais Liútarach Bhunaithe Hannover) leithscéal le híospartaigh as an éagóir mhór a deineadh orthu le linn na tréimhse úd.

Faraor géar, ach ba bheag an difríocht, de réir na dtuairiscí, idir na caíoanna a gcaitheadh leis na páistí sna cásanna seo agus an méid atá le léamh i dtuairisc Uí Riain.

Os rud é nach raibh trácht ar an gceist sna meáin abhus roimh ré tháinig an scéala aniar aduaidh orm nuair a chuala mé inné é: macalla thuairisc Uí Riain anseo sa Ghearmáin. Admhaím gur baineadh siar asam.

500,000(!) íospartach atá i gceist, meastar, agus beidh siad ag éileamh cúitimh go luath amach anseo. De réir meastacháin a chonaic mé inniu beidh €26,000,000,000(!) le híoc ag na heaglaisí.

6 comments:

  1. Is mar sin a tharlaíonn nuair a bhíonn údarás gan freagracht ann.

    Bhí scéalta léite agam maidir leis seo, scéalta atá lán chomh gránna leis an méid a bhí san tuarascáil abhus.

    ReplyDelete
  2. An comhtharlú é, measann tú, gur tharla a leithéid go háirithe sna 50í agus sna 60í?

    ReplyDelete
  3. Ní dóigh liom é.

    Bhí meon na hama ar son an údarás righin, gan cheist. Thall agus abhus.

    Ceist eile an bhfuil rudaí níos fearr do phaistí ar an imill anois....

    ReplyDelete
  4. Tá eagraíochtaí amhail SOS-Kinderdörfer ann a dhéanann sár-obair...

    Ach níl aon dabht ach go bhfuil rúin náireacha faoi cheilt ag an ré seo freisin...

    ReplyDelete
  5. Bhí dea obair ar siúl ag roinnt daoine i gcónaí. Ach go bhfios dom tá córas ag SOS Kinderdorf a thugann tacaíocht do gach taobh - leanaí agus feighlithe. Sin atá de dhíth.

    ReplyDelete
  6. Is cosúil gur scéal leanúnach atá ann, faraor, a fheara...

    ReplyDelete