Saturday, October 17, 2009

Feictear dom go bhfeicim an comhartha seo...




...sa stáisiún cinn scríbe gach maidin de gach lá oibre...



Ní gach lá, ach uaireanta -;)


Níorbh fhéidir liom ach géilleadh don chathú ach deirim slán leis an ogham arís!

3 comments:

  1. Maith thú, Ormondo! Is serb cach gnáth. Ach tá spás ag teastáil idir T agus H. Séard atá ann anois ná C, .i. ceithre líne in aon ghrúpa amháin. Cé an chaoi a ndearna tú é, na línte in SERB go háirithe? D'ainneoin na suime atá agam in Ogham, ní léim go héasca é. Ní aithním na línte in SERB, mar shampla, mar aon fhocal amháin a chiallaíonn “serb” .i. “searbh”. Níl na Gestalten lonnaithe i m'inchinn!

    ReplyDelete
  2. Bhuel, dá mbeadh gach rud milis, bheadh boladh bhréan ar mhil....

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh.

    Tá sé ceartaithe agam anois; is amlaidh go raibh mé mearaithe leis na línte go léir.

    Do dhein mé é in OpenOffice.org/Draw. Go han-chéadrata i ndáiríre. Ba í an fhormáid a roghnaigh mé do na línte san fhocal "serb" ná an rogha le foircinn shaigheadchruthacha. Ansin do dheineas pdf as agus do ghearr mé an ghearrthóg a bhí ag teastáil uaim amach leis an uirlis scoite i Vista. Faoi dheireadh dhein mé claonchló de i gclár grianghrafadóireachta.

    ReplyDelete