Wednesday, October 28, 2009

Is daoire an brat ná na smutáin!

Is minic a bhaineann comhghleacaí dom úsáid as an nath Gearmánach a leanas (leis an mbrí thuas): die Brühe ist teurer als die Brocken.



Tá bunús cistine ag an nath céanna agus ba é an t-anraith feola a sholáthair an meafar. Maidir leis na comhábhair tuigeadh go luath go raibh na píosaí feola níos luachmhaire ná an brat glé. Agus úsáidtear an léargas seo go meafarach ó shin i leith.



Mar shampla, dá mbeadh an costas ná an caiteachas nó an dua a bhainfeadh le gnó éigin níos mó ná an tairbhe nó an brabús a thiocfadh as is minic a spreagadh na cúinsí sin an nath i gceist: die Brühe ist teurer als die Brocken!

Ba í an tsolaoid is cáiliúla, nó is míchlúití, in Éirinn le linn na blianta deiridh den fheiniméan seo a bhfuil caiteachas as comhréir leis an tairbhe ag baint leis ná na binsí fiosrúcháin - mar ní dóigh liom gurbh é príomhchuspóir na mbinsí fiosrúcháin milliúnaithe a dhéanamh de na dlíodíórí.

Pé scéal é, ní hanraith feola an t-anraith sa phictiúr ach Fleischklößchensuppe (domplagáinín smeara i mbrat feola).

Tá siobealait beag folaithe sa nath céanna. Déarfadh duine canúna agus go leor de na gnáthdaoine: die Brühe ist teurer wie die Brocken! Is é an leagan caighdeánach an leagan eile: die Brühe ist teurer als die Brocken!

8 comments:

  1. Is maith liom an nath sin i nGearmáinis, ach níor thuig mé an leagan Gaeilge ar dtús: Tá an clóca níos daoire ná na stumpaí?

    ReplyDelete
  2. Shíl mé féin go raibh baint éigin ag an nath le páistí dána/pusach, go dtí gur léigh mé do phíosa, a Ormondo...:-)

    Maidir leis na binsí fiosrúcháin sin, ní féidir liom a thuiscint cén mhaitheas a thiocfaidh astu anois, mar nach gcuirtear dlí ar aon chladhaire sa tír seo, feictear dom!

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. a léir dom go raibh baol na hathbhrí ann...

    Cad a mholfadh sibh?

    Tá bríonna eile ag "Brocken" sa Ghearmáinis ach nuair a luaitear é i dteannta le "Brühe" is léir cad atá i gceist. An bhfuil péire den chineál céanna sa Ghaelainn?

    Is daoire an t-anraith ná an fheoil?
    Is daoire an t-anraith ná na píosaí feola?

    Sa dara cheann cailltear an ghontacht beagáinín.

    Más boc mór é an cladhaire céanna ná cuirfear an dlí air: dlí gan scríobh an méid sin atá neadaithe go domhain sa chóras a chuirtear "daonlathas" air. Agus cuireann sin nath eile i gcuimhne dom!

    ReplyDelete
  5. Ba léir dom go raibh baol na hathbhrí ann...

    ReplyDelete
  6. Is daoire an t-anraith ná an fheoil? Sin é go díreach. Is féidir go bhfuil réiteach níos fearr ann, ach tá sé sin simplí agus nádúrtha, dar liomsa. Dála an scéil, tá an nath “La sauce vaut mieux que le poisson” ag na Francaigh, ach ní chiallaíonn sé “ní fiú an tairbhe an trioblóid”.

    ReplyDelete
  7. “La sauce vaut mieux que le poisson.” Sea, d'aineoinn a chosúlachta don nath thuas tá ciall eile aige.

    Leagan tráthúil de sa lá inniu: "Is luachmhaire an t-imreoir ná an staidiam"?

    ReplyDelete
  8. Ach féach ar tharla do Real Madrid an lá cheana! Bhuaigh peileadóirí ocracha Alcorcon iad 4-0!!
    buiséad Alcorcon: $2 milliún
    buiséad Real Madrid: $600 milliún

    ReplyDelete