Saturday, December 19, 2009

Väterchen Frost - Athairín Sioc (brrrrrrrrrrr!!!???)


Tá an geimhreadh ann in am don Nollaig. Níl a lán sneachta tite fós. Ach tá sé an-fhuar; ba bheag nár shroich uasteocht an lae
-13°C.

Is amhlaidh go bhfuil Väterchen Frost tagtha anoir ón Rúis agus é ar cuairt ar fud tuaisceart na hEorpa. Ach cé acu an t-ainm ba chirte dó ó thaobh na gramadaí de: Athairín SiocAthairín an tSeaca?

Ar chóir "sioc" a bheith faoi réir an ghinidigh nó an bhfuil an péire i gcomhaisnéis?




7 comments:

  1. Mothaím go bhfuil Athairín a' tSeaca níos nadúrtha. Tá leabhair paistí tiontaithe ón Rúisís agam áit éigin - Séain Sheamuisín Seaca más buan mo chuimhne.

    ReplyDelete
  2. Aontaím leat. Tá cuma níos nádúrtha ar Athairín a' tSeaca.

    ReplyDelete
  3. Jack Frost a thugtar air anseo. Jeac an tSeaca.

    Ní thuigim an t-aistriúchán Gaeilge Sean Shéamas Seaca.

    SeanSéamas / Sean-Séamas / Sean Séamas (gan séimhiú; cf. seansaol, etc.) = Old James
    Seán Shéamais = James's John

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Is cuimhin liom anois go raibh Jeac an tSeaca againn freisin ach is fearr a oireann Athairín a' tSeaca don áit seo agus gné mhistiúil oirthear na hEorpa ag baint leis an Athairín!

    ReplyDelete
  6. @Dennis. Is fíor dhuit. Níl mé in ann lámh ag leagan ar an leabhar faoi láthair - i mbosca áit éigin atá sé. N'fheadar faoi - seans nach bhfuil ann ach botún cló agus gur Sean Séamas atá i gceist.

    ReplyDelete