Sunday, January 3, 2010

Dhá scannán ar mire

Ar na scannáin a bhí le feiscint ar an teilifís abhus i rith na saoire Nollag bhí "Frenzy" le Hitchcock agus "Frantic" le Polanski.

Is dócha go bhfuil lé agam ar uairibh le scannáin a bhfuil paiteann de roinnt blianta orthu.

Deineadh "Frenzy" i Londain ag tús na seachtóidí. Scannánaíodh "Frantic" i bPáras sa bhliain 1987 agus d'eisíodh é sa bhliain dár gcionn. Tá cuid mhaith de na seatanna amuigh sna cathracha faoi seach ina raibh na scannáin lonnaithe agus is féidir cuisle na h-aoise a bhrath dá bharr.

Cé gur scannánaíodh iad thart ar sé bliana déag as a chéile séard a rith liom ná gur den ré chéanna iad araon. De réir mo theoirice, nó mo mhothúcháin b'fhéidir, mhair an ré úd ó 1971 go 1989.

Faoin mbliain 1971 bhí na hiarsmaí deireannacha den seansaol imithe as agus bhí ré eile, ré na teilifíse daite abraimis, faoi lán seoil.

Ach gan na teileafóin cheallacha uileláithreacha ní bhíodh na daoine fós insroichte ar bhonn buan amhail an lá inniu. De bharr sin bhíodh cora sa phlota ar fáil do scannánóirí nach mbíonn ann feasta dóibh. Agus ní raibh an t-idirlíon mar fhoinse láithreach uilefheasach ann ach an oiread.

Bhíodh bearnaí sa saol laethiúil a raibh slí ionramhála don scéinséir iontu. B'éigean don laoch dul i muinín teileafón poiblí (a gcuirtear boinn airgid isteach iontu!) agus ní raibh an dara rogha aige ach a bheith ag brath ar eolairí teileafóin ramhara i dteanga iasachta. Gan loingseoirecht satailíte, gan googlemaps, gan faic.

Ach ní hé nach raibh ach míbhuntáistí ag baint leis an ré úd. Mar shampla, bheadh cead ag an laoch toitín a chaitheamh sa tábhairne, dá mba chaiteoir toitíní é. Bhí an Cuirtín Iarainn ann agus an comórtas idir an dá chóras ar siúl fós; bhí múineadh ar an gcóras caipitleach mar thoradh ar sin. Agus ba leor an Cogadh Fuar leis an t-úafás airgid a infheistiú i dtionscal na n-arm ar shlí a bhí - abraimis - réasúnta síochánta!

Ó phrenîtis/phrenētikós (rámhaille/rámhailleach) na Gréigise a thagann na focail frenzy/frantic ach measaim gur mire/ar mire an t-aistriúchán is coitinne dóibh.

Dála an scéil, bhínn go minic i bPáras le linn na n-ochtóidí; ba bheag nach rabhas féin ar mire nuair a rith sé liom cé chomh fada siar agus atá sé anois.


4 comments:

  1. Is maith liom do theoiric go raibh an tréimhse 1971-89 ina aonad so-aitheanta stairiúil.

    ReplyDelete
  2. Aisteach go leor ach ó thaobh na réanna de ní bhfuaireas aon chóras aicmiúcháin san idirlíon cé go bhfuil gach rud eile aicmithe nach mór.

    Is maith liom go n-aontaíonn tú liom.

    ReplyDelete
  3. Alt suimiúil, a Ormondo. Meas tú cá gcríochnóidh an chéad aonad stairiúil eile?

    ReplyDelete
  4. Ag breathnú siar dúinn i gceann cúpla bliain b'fhéidir go dtiocfaidh linn a rá go raibh deireadh leis an ré dár gcionn sa bhliain 2008.

    Ach ní féidir é a aithint i gceart ach le bua an iarchoinn.

    ReplyDelete