Sunday, March 28, 2010

Antiquariat...


D'aimsigh mé an leabhar seo i leabhragán le déanaí agus mé i dteach mo mháthar in Éirinn ar feadh cúpla lá. D'fhoilsíodh é i 1970 agus tá sé as cló le fada an lá (cé go bhfaca me cúpla cóip i siopa Chonradh na Gaeilge).

Cúlra agus réamhstair Thriail na nArm atá faoi chaibidil ag an údar agus ba bheag an spéis a bheadh agam san ábhar seanchaite céanna, cheap mé ar dtús.

Pé scéal é, is iomaí sonra a phléitear sa leabhar nach raibh eolas cruinn nó aon chur amach ar bith agam orthu. Chomh maith le sin tá sé scríofa go maith agus sa deireadh léigh mé d'aon iarraidh amháin é. Agus caithfidh mé a admháil gur sórt faoisimh é uaireanta mo scíth a ligean le leabhar "caighdeánach"!

Dick Walsh ón IT (a tógadh le Gaelainn i gcontae an Chláir, rud nárbh fhios dom) ea ba an t-údar agus bhí dearcadh grinn aige ar an scéal tráth a bhí go leor ina gcíor tuathail dá bharr - cé nach ionann sin is a rá go n-aontóinn, nó nach n-aontóinn, le gach rud dá scríobh sé sa leabhar. Bhásaigh sé sa bhliain 2003 - nach bhfuil na blianta ag sciorradh uainn?!

Ar bhreathnú siar dom ar an ré úd i bhfianaise an leabhair is léir gur dhein roinnt daoine gníomhartha mífhreagracha ag an am - faoi mar a tharlaíonn i ngach géarchéim den chineál sin. Ar an taobh eile de, áfach, ní léir i gcónaí i gcásanna dá samhail cibé as omós ionraic don dlí a gcloíonn na dlisteanaithe uilig leis an dlí nó an é gur caoithiúla dóibh dul ar foscadh taobh thiar den dlí chun bearta "misniúla" a sheachaint. Ceist chasta, gan amhras.


Nach iontach an rud é an tsíocháin?

1 comment:

  1. 'dul ar foscadh taobh thiar den dlí' - is minic a tharlaíonn a leithéid, a Ormondo.

    Níl an leabhar léite agam - fós...

    ReplyDelete