Friday, June 25, 2010

in iothlainn go dtugtar an bhanríon...?!



Tá an cluiche idir an nGearmáin agus Sasanna ag teannadh linn agus thart ar 17:55 ALE Dé Domhnaigh beidh na ciceanna éirice traidisiúnta ar siúl. Gan amhras.

Ach cad is traidisiún ann?

Rud nach dtéann riamh as dáta, b'fhéidir?

Más amhlaidh atá sé níl an ghearrthóg thuas as dáta fós. D'fhoilsíodh í sa nuachtán The Sun thart ar ceithre bhliain ó shin roimh Chorn an Domhain sa Ghearmáin.

Ó tharla go raibh rialtas na Breataine buartha faoin dochar a ndéanfaí don chaidreamh idir an stát sin agus an nGearmáin dá mbeadh na leantóirí Sasanacha ag canadh a n-amhrán traidisiúnta ar fud na sráideanna. Chuir siad moladh dá bharr faoi bhráid na leantóirí gan ach na h-amhráin mhúinte neamhúrchóideacha a chasadh, nó a scairteadh. Agus ní h-amháin sin, ach ba chóir dóibh - dar leis na maorlathaigh (a mbíonn, mar is eol, buandlúthchaidreamh acu riamh leis an réaltacht) - na h-amhráin siúd fiú a chanadh i nGearmáinis.

Chuige sin cuireadh aistriúcháin de roinnt de na h-amhráin ar fáil ar shuíomh idirlín de chuid na roinne rialtais a bhí freagrach as na cúrsaí tromchúiseacha céanna. Ós rud é nach raibh sárú an nuachtáin le fáil, áfach, cuireadh a h-aistriúcháin féin ar fáil ag The Sun - an tseoid thuas ina measc.

"Gott Speichern Unsere Liebenswürdige Königin" nó, leis an leagan ceart ó thaobh na gramadaí de a chur ar fáil, "Gott speichere unsere liebenswürdige Königin".

Deirtear go minic go mbíonn níos mó saoirse ag iriseoirí a úsáideann an Ghaelainn a thuairimí a nochtadh go neamhbhalbh mar ní bhíonn siad faoi mhaoirseacht ag an dream atá callánach ach aonteangach.

An é gur theastaigh ó The Sun mian dá cuid - a bheadh thar a bheith conspóideach dá bhfoilseofaí i mBéarla í - a nochtadh, ach i a bheith faoi choim na Gearmáinise: mar atá: Go stórála Dia ár mbanríon dhil?

Sunday, June 20, 2010

déjà-vu...?


D'ainneoin an bhratach a bheith "droim ar ais" agus ach Francach amháin ar an bpáirc, cuireadh babhta nua den sága leis an lámh agus an liathróid i láthair tráthnóna inniu.

An bhfaca sibh an dara cúl de chuid Fabiano i gcomhair na Brasaíle? Theagmhaigh a lámh leis an liathróid faoi dhó agus é i mbun an cúl a aimsiú - agus an moltóir dall air.

Cad ba chúis leis? Cá bhfios ach b'fhéidir go raibh deatach ag brúchtadh amach as na vuvuzela-anna agus nach bhfacamar é?

Dá mba é, bheadh míniú ag Irene Dunne air.




Tuesday, June 15, 2010

lasán corrabhuaise...


2-0! Deireadh leis an gcluiche mar chomórtas. Téim go suíomh an BBC. Sasana i mbaol a bheith ina chéile comhraic sa dara babhta?
Léim na ráitis ar LIVE. Iad foclach ar dtús. Ach ag dul i
ngiorracht de réir mar a nochtar an forlámhas.
69 nóim. Cacau in ionad Klose
70 nóim. Cacau 4-0
Corrabhuais!

Saturday, June 12, 2010

einen Käseburger bitte...




... nó "burgar le cáis, le d'thoil."

Tráth dá raibh, nuair nach raibh an Béarla chomh feiceálach abhus agus atá sé sa lá inniu, bhíomar tráthnóna amháin sa tábhairne agus i dteannta linn bhí cara dom as Nua-Eabhrac a bhí ar cuairt anall ag an am sin. Bhí an duine céanna tar éis tosnú ar an nGearmáinis a fhoghlaim agus bhí sé go han-díograiseach.

Níos déanaí san oíche, tháinig ocras air agus chuaigh sé amach chun rud éigin a fháil.

Nuair a d'fhill sé deich nóiméad ina dhiadh sin, ba ar éigean go raibh sé in ann an scéal a insint linn agus é ag pléascadh ar gháire.

"Chuaigh mé isteach san áit siúd ar an taobh eile den tsráid agus dúirt mé leis an mbean mheánaosta a bhí taobh thiar den chúntar, ich möchte gern einen Käseburger, bitte (ba mhaith liom burgar le cáis, le d'thoil)," a dúirt sé. "Samhlaigí cad a d'fhreagair sí! Oh, es tut mir leid, aber wir haben keine Käseburger, nur Hamburger und Cheeseburger (tá brón orm ach níl aon bhurgar le cáis againn, níl againn ach hamburger agus cheeseburger)."

Wednesday, June 9, 2010

caife agus gluaiseacht...



Gach seans gurb é is cúis leis ná nach bhfuilim i mo chónaí in Éirinn leis na blianta fada agus an chaoireoil bheirithe de dhíth orm dá bharr, ach níor éirigh liom riamh caifé a bhreith liom. Ar a mhéad, cupán caife b'fhéidir.

Ar aon nós, ba bheag nár chuireas "caifé beir leat" in aithne daoibh, an t-aistriúchán ar an bhfeiniméan thuas a d'aimsigh mé i bhfocal.ie, dar liom - ar dtús.



Baineann lucht fógraíochta na tíre seo úsáid leathan as an mBéarla. De réir dealraimh, ní chuireann sé isteach orthu nach dtuigeann an pobal - seachas an t-aos óg don chuid is mó - a leath dá bhfuil scríofa ar na fógráin. B'fhéidir gur modh rúndiamhair díolacháin é an paradacsa sin, nó an é go dtugtar tábhacht ró-mhór don fhógraíocht i gcoitinne agus an tionchar a bhíonn aici?

Ar aon nós, sa leabhar nua de chuid Sebastian Sick, údar a scríobhann leabhair ghreannmhara faoina botúin a dhéanann daoine - idir Ghearmánaigh agus inimircigh - sa Ghearmáinis, tá tagairt ann don dara fógra thuas.

"Caife beir leat - le breith leat freisin" is é an t-aistriúchán a chuirfinn ar a bhfuil scríofa air.

Scríobhann an t-Uasal Sick go mbeidh áthas orthu siúd atá an-tugtha don "Kaffee to go" ó tugadh isteach é roinnt blianta ó shin nuair a fhaigheann siad amach go mbeidh sé ar a gcumas acu amach anseo an caife siúd is ansa leo - mar bharr ar an ádh - a thabhairt leo, fiú.

Friday, June 4, 2010

lá droichid...


Ba lá saoire an lá inné; tosaíonn an deireadh seachtaine amárach. Agus an lá inniu?

Deirtear gur Brückentag nó "lá droichid" é. Más rud é go dtógann tú lá saoire ar "lá droichid", deirtear go "ndéanann tú an droichead" - Du machst die Brücke.

Dála an scéil, san Fhrainc deirtear faire le pont agus san Iodáil, ní nach ionadh, fare il ponte.

daithi an t-albanach (II) i gceannas ar shasanaigh...

Mar is eol don saol tá Daithi an t-Albanach (I), Daithi Cam-Shrón, i gceannas ar Shasanaigh an oileáin le roinnt seachtaine anuas.

Ach is beag a síleadh ag an am gur treocht í a bhí á bunú aige. Ach sin an chuma atá ar an scéal.

Óir is dóichí go mbeidh Daithi an t-Albanach (II), Daithi Mac Alasdair, go luath anois ina cheannaire ar Shasanaigh na h-ilchríche, nó ar chuid díobh ar aon nós.

Amhail Daith a hAon is coimeádach go smior Daithi a Dó freisin.

Seans go mbeidh béal an chlaímh mhóir le mothú i Niedersachsen amach anseo?

Comhartha é seo, gan amhras, go bhfuil an bua i ndán do Ghaelaibh tar éis an tsaoil.


Thursday, June 3, 2010

daonáireamh na bliana 1901 agus an ghaelainn...

Ba lá saoire an lá inniu sa Ghearmáin sna ceantair le pobal suntasach Caitliceach agus bhí deis agam dá bharr dul i mbun mo shinsir a chuardach i ndaonáireamh na bliana 1901 a cuireadh ar fáil ar láithreán na Cartlainne Náisiúnta an tseachtain seo. Leis an mbeagáinín cleachta ó bheith ag cuardach i ndaonáireamh na bliana 1911 tháinig mé gan mhoill ar iontrálacha mo sheantuismitheoirí. Leid: más é go raibh ainm neamhchoitianta ag duine éigin sa teaghlach, déan cuairt an ar ainm sin i dtús báire agus sa tslí sin ní bhfaighidh tú liosta ró-fhada mar thoradh ar an gcuardach.

Shonraigh sin-sheanmháthair amháin ó thaobh na máthar arbh as iarthar an Chláir í gur chainteoir Gaelainne í. Mar an gcéanna le sin-sheanmháthair amháin ó thaobh an athar arbh as Inis Céin i gContae Corcaigh í. Tógadh ceann de na sin-seanaithreacha in oirthear chontae Corcaigh i bhfoisceacht cúpla míle don chathair agus cé gur chuir sé síos i 1901 go raibh an Ghaelainn aige, níor dhein sé tagairt di sa bhliain 1911.

Déanaim tagairt do na sonraithe siúd ar an ábhar go bhfuil siad ag teacht go maith leis an léarscáil aitheanta úd a léiríonn dáileadh na teanga sa bhliain 1871.



Na sin-seantuismitheoirí eile dom - bhí na sin-sin-seantuismitheoirí sa teaghlach i dteannta leo fiú - a raibh cónaí orthu sa taobh sin de chontae Luimnigh a bhfuil an ceantar bán ag gobadh isteach ann sa léarscáil thuas, ní raibh aon Ghaelainn acu de réir na faisnéise a chuireadar ar fáil sa daonáireamh.

De réir na faisnéise a chuireadar ar fáil sa daonáireamh, a scríobh mé agus is dóigh liom gur sin gné thabhachtach den scéal. I ndeireadh na dála, rugadh na daoine ba shine sa teaghlach sna blianta 1835 agus 1841 faoi seach agus caithfidh go raibh an Ghaelainn beo fós sa taobh sin tíre le linn a n-óige.

Cérbh iad na ceannfháthanna a bheadh ag daoine le linn na tréimhse sin freagra cruinn, nó míchruinn más ea, a thabhairt faoina gcumas sa Ghaelainn agus an t-athrú teanga beagnach tagtha i gcrích faoin am céanna: lagchroí, náire, éirí in airde, rómánsachas, praiticiúlacht, pragmatachas, mórtas cine, nó an t-ionracas lom seanfhaiseanta (creid nó ná creid, ba ann dó mar luach ann féin tráth dá raibh!), fiú?

An bhfuil litríocht ar fáil a phléann leis an gceist seo?