Wednesday, June 9, 2010

caife agus gluaiseacht...



Gach seans gurb é is cúis leis ná nach bhfuilim i mo chónaí in Éirinn leis na blianta fada agus an chaoireoil bheirithe de dhíth orm dá bharr, ach níor éirigh liom riamh caifé a bhreith liom. Ar a mhéad, cupán caife b'fhéidir.

Ar aon nós, ba bheag nár chuireas "caifé beir leat" in aithne daoibh, an t-aistriúchán ar an bhfeiniméan thuas a d'aimsigh mé i bhfocal.ie, dar liom - ar dtús.



Baineann lucht fógraíochta na tíre seo úsáid leathan as an mBéarla. De réir dealraimh, ní chuireann sé isteach orthu nach dtuigeann an pobal - seachas an t-aos óg don chuid is mó - a leath dá bhfuil scríofa ar na fógráin. B'fhéidir gur modh rúndiamhair díolacháin é an paradacsa sin, nó an é go dtugtar tábhacht ró-mhór don fhógraíocht i gcoitinne agus an tionchar a bhíonn aici?

Ar aon nós, sa leabhar nua de chuid Sebastian Sick, údar a scríobhann leabhair ghreannmhara faoina botúin a dhéanann daoine - idir Ghearmánaigh agus inimircigh - sa Ghearmáinis, tá tagairt ann don dara fógra thuas.

"Caife beir leat - le breith leat freisin" is é an t-aistriúchán a chuirfinn ar a bhfuil scríofa air.

Scríobhann an t-Uasal Sick go mbeidh áthas orthu siúd atá an-tugtha don "Kaffee to go" ó tugadh isteach é roinnt blianta ó shin nuair a fhaigheann siad amach go mbeidh sé ar a gcumas acu amach anseo an caife siúd is ansa leo - mar bharr ar an ádh - a thabhairt leo, fiú.

3 comments:

  1. Fíorscéal: stop an triúr seo ag am lóin i gcaife beag i Montana. Bhí “soup of the day” luaite ar an mbiachlár. D'fhiafraigh Branwen den fhreastalaí óg, “Céard atá ann mar anraith an lae inniu?”
    “Caithfidh mé fáil amach,” a dúirt an bhean óg.
    Ar ais léi ón gcistin: “It's soup du jour.”
    “Oh,” arsa Branwen, “an t-anraith is ansa liom! Beidh babhla agam!”

    ReplyDelete
  2. Dhá scairt mhór gáire uaim.

    Maith sibh. Nach casta an ilteangachas?

    Céard é sin a dúirt Orwell faoi fógraíocht? Gurbh é meon aos fógraíochta gurbh muca iad na daoine; agus gurbh é croitheadh buicéid na praisí an fógraíocht.

    ReplyDelete