Friday, June 4, 2010

daithi an t-albanach (II) i gceannas ar shasanaigh...

Mar is eol don saol tá Daithi an t-Albanach (I), Daithi Cam-Shrón, i gceannas ar Shasanaigh an oileáin le roinnt seachtaine anuas.

Ach is beag a síleadh ag an am gur treocht í a bhí á bunú aige. Ach sin an chuma atá ar an scéal.

Óir is dóichí go mbeidh Daithi an t-Albanach (II), Daithi Mac Alasdair, go luath anois ina cheannaire ar Shasanaigh na h-ilchríche, nó ar chuid díobh ar aon nós.

Amhail Daith a hAon is coimeádach go smior Daithi a Dó freisin.

Seans go mbeidh béal an chlaímh mhóir le mothú i Niedersachsen amach anseo?

Comhartha é seo, gan amhras, go bhfuil an bua i ndán do Ghaelaibh tar éis an tsaoil.


4 comments:

  1. Baintear úsáid as an bhfocal “Ceilteach” ar fud háite na laethanta seo, e.g. ceol Ceilteach, fuil Cheilteach, tatú Ceilteach, etc. Is focal é a dhíoltar a lán rudaí. Ach níl ach aon bhrí bheacht leis dáiríre, mar aidiacht ar lorg an fhocail “teanga”, e.g. Breton is a Celtic language.

    Cé chomh Gaelach atá rud, nó duine, ar bith gan an teanga aige nó ann?
    Amhrán Gaelach é “Dónall Óg” gan aon agó. Amhrán Éireannach é “The Minstrel Boy”. An rud Éireannach nó Gaelach arán sóide? Just asking. Agus David Cameron?

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir nach raibh mo theanga i bhfad ó mo leiceann... mar a déarfá ;-)

    D'aon ghnó bhaineas an bhrí is l e i t h n e as na téarmaí sa chás thuas.

    An sainmíniú a bheadh agam ar Ghael? Thar aon ní eile, na daoine úd a úsáideann teanga Ghaelach. Is amhlaidh gur meascán iad na hÉireannaigh, mhaíodh uncail dom fiú go raibh na Fir Bolg ann fós!

    David Cameron? Más cruinn m'eolas, is Sasanach go smior is go leithleasach é.

    Agus is Gearmánach é McAllister go príomha, ach tá ceist na féiniúlachta san Eoraip ag éirí níos casta agus níos ilghnéithí le haghaidh an lae.

    Arán sóide? An bhfuil "sanasaíocht" an aráin sóide agat?

    ReplyDelete
  3. Thuig mé gur ag magadh a bhí tú. Ach is iontach, mar sin féin, an úsáid a bhaineann muid as an bhfocal “Gaelach”: caife Gaelach ar Irish coffee, Gael-Mheiriceánach ar Irish American, stobhach Gaelach ar... bhuel, tá 's agat.

    ReplyDelete
  4. Ba bheag an meas a bhí agam ar stobhach Gaelach i mo óige, caithfidh mé a admháil, agus b'fhuath liom ar fad caoireoil bheirithe - bhinn i dtólamh i mbaol mo choinnealbháite mar "Éireannach ceart" dá bharr!

    ReplyDelete