Friday, June 25, 2010

in iothlainn go dtugtar an bhanríon...?!



Tá an cluiche idir an nGearmáin agus Sasanna ag teannadh linn agus thart ar 17:55 ALE Dé Domhnaigh beidh na ciceanna éirice traidisiúnta ar siúl. Gan amhras.

Ach cad is traidisiún ann?

Rud nach dtéann riamh as dáta, b'fhéidir?

Más amhlaidh atá sé níl an ghearrthóg thuas as dáta fós. D'fhoilsíodh í sa nuachtán The Sun thart ar ceithre bhliain ó shin roimh Chorn an Domhain sa Ghearmáin.

Ó tharla go raibh rialtas na Breataine buartha faoin dochar a ndéanfaí don chaidreamh idir an stát sin agus an nGearmáin dá mbeadh na leantóirí Sasanacha ag canadh a n-amhrán traidisiúnta ar fud na sráideanna. Chuir siad moladh dá bharr faoi bhráid na leantóirí gan ach na h-amhráin mhúinte neamhúrchóideacha a chasadh, nó a scairteadh. Agus ní h-amháin sin, ach ba chóir dóibh - dar leis na maorlathaigh (a mbíonn, mar is eol, buandlúthchaidreamh acu riamh leis an réaltacht) - na h-amhráin siúd fiú a chanadh i nGearmáinis.

Chuige sin cuireadh aistriúcháin de roinnt de na h-amhráin ar fáil ar shuíomh idirlín de chuid na roinne rialtais a bhí freagrach as na cúrsaí tromchúiseacha céanna. Ós rud é nach raibh sárú an nuachtáin le fáil, áfach, cuireadh a h-aistriúcháin féin ar fáil ag The Sun - an tseoid thuas ina measc.

"Gott Speichern Unsere Liebenswürdige Königin" nó, leis an leagan ceart ó thaobh na gramadaí de a chur ar fáil, "Gott speichere unsere liebenswürdige Königin".

Deirtear go minic go mbíonn níos mó saoirse ag iriseoirí a úsáideann an Ghaelainn a thuairimí a nochtadh go neamhbhalbh mar ní bhíonn siad faoi mhaoirseacht ag an dream atá callánach ach aonteangach.

An é gur theastaigh ó The Sun mian dá cuid - a bheadh thar a bheith conspóideach dá bhfoilseofaí i mBéarla í - a nochtadh, ach i a bheith faoi choim na Gearmáinise: mar atá: Go stórála Dia ár mbanríon dhil?

5 comments:

  1. "Is fearr Gearmáinis bhriste
    ná Béarla cliste" ?

    Ní dóigh liom é. :)

    Ar aon nós, táimse ag tacú lenár gcomharsana béaldorais sa choimhlint seo.

    SASANA ABÚ

    Ach go raibh an bua ar an dtím is fearr.

    VVVVZZZZZZZZZZZZZZ (seo mise ag cleactadh ar mo vuvuzela)

    ReplyDelete
  2. Deirtear go dteipeann ar thacaíocht an dreama neodraigh a luaithe a bhíonn an t-amhrán impiriúil le cloisint!! ;-)

    ReplyDelete
  3. Ba chóir dóibh an t-amhrán Jerusalem a úsáid!

    ReplyDelete
  4. 'Ach cad is traidisiún ann?'

    Táthar ann a déarfadh gurb ionann an traidisiún agus an rud atá as dáta...:-)

    ReplyDelete