Tuesday, June 15, 2010

lasán corrabhuaise...


2-0! Deireadh leis an gcluiche mar chomórtas. Téim go suíomh an BBC. Sasana i mbaol a bheith ina chéile comhraic sa dara babhta?
Léim na ráitis ar LIVE. Iad foclach ar dtús. Ach ag dul i
ngiorracht de réir mar a nochtar an forlámhas.
69 nóim. Cacau in ionad Klose
70 nóim. Cacau 4-0
Corrabhuais!

5 comments:

  1. Agus na cangarú le ceangail...

    ReplyDelete
  2. Sea, déarfainn go rabhadar le ceangal. Bhíos ag breathnú isteach ar shuíomh de cheann de na craoltóirí spóirt Astrálacha agus bhíodar ar buile faoi. Bhíos in ann comhbhrón a dhéanamh leo i m'aigne tar éis an bhasctha sa chluiche s'againne i gcoinne na n-All Blacks!

    ReplyDelete
  3. Tús maith.
    Cad é do thuairim faoin Vuvuzela?

    Is maith liom an cuma nua atá ar do theach anseo.

    ReplyDelete
  4. Is cuid de chultúr Phoblacht na hAfraice Theas an Vuvuzela (an Uwe Seeler) agus ní chuireann sé isteach go mór ormsa. Tá sé geall le cinnte anois nach mbeidh Bafana Bafana sa dara babhta, faraor - b'fhéidir go mbeidh na Vuvuzela-anna ina dtost dá bharr.

    GRMA as an moladh - cé nach bhfuil sé tuillte agam fhéinig!

    ReplyDelete
  5. Is fíor sin, de réir mar a bhogann sé ar aghaidh sa chomórtas tuairimítear go mbeadh níos lú vúvúsala le cloisteáil, ach feictear domsa go bhfuil lucht leanúna gach foirne ag baint úsáide astu anois! Monuar :(

    Ach ní shamhlaím na Gearmánaigh á n-úsáid. Ní oirfeadh sé dóibh...

    ReplyDelete