Tuesday, January 11, 2011

faoiseamh...

Bhuel, nuair a bhí an bhlagmhír dheireannach scríofa agam is amhlaidh go raibh ar intinn agam leanúint ar aghaidh go dtí nath uimhir a XXV - faoi mar a bheifí ag súil leis agus an féilire mar atá sé ag an am sin den bhliain.

Ní mar a síltear a bítear i gcónaí, áfach.

Stróic an scannán gan choinne nuair a tháinig breoiteacht aniar aduaidh orm san oíche dar gcionn.

Músclaíodh i rith na hóiche mé ag rud aisteach. Bhí mo bholg ata agus cruaig. Agus ní raibh mé in ann iompú ar mo thaobh de bharr na péine.

D'fhan mé sa bhaile ar an lá dar gcionn ag súil leis go n-imeodh an rud arís.

Ach ar an lá ina dhiaidh sin bhí mé san ospidéal agus tar éis cúig lá de thastálacha cuireadh faoi scian mé.

Steanóis sa stéig bheag an diagnóis, galar Crohn b'fhéidir, nó "an leagan eile" fiú. Ní raibh na dochtúirí go hiomlán cinnte. De bharr sin ba obráid thaiscéalaíoch a bhí i gceist sa chéad áit.


Sa deireadh, tógadh amach fad den stéig mhór agus den stéig bheag i dteannta leis an aipindic. Caitheadh cónasc nua a dhéanamh ansin idir an stéig mhór agus an stéig bheag.

Seoladh a dtógadh amach chuig an tsaotharlann chun tastálacha histeolaíochta a dhéanamh.

Le scéal fada a dhéanamh gearr: fuair mé na torthaí ar ais ón bpaiteolaíocht inniu agus dea-scéal a bhí ann: níor aimsigh siad aon rud a mbeadh fadhb shuntasach ag baint leis. Ní rabhthas in ann a rá, áfach, cad ba chúis leis na greamáin sa stéig bheag. Ionfhabhtú víreasach, cnámh éisc nó rud eile? Ní féidir a lán a rá. (Níor luadh na drochghnásanna coitianta ar chor ar bith.)

Agus sin mo scéal don Nollaig agus don Athbhliain!


Dála an scéil, tá rud nó dhó faighte amach agam mar gheall ar na putóga idir an dá linn!

Is amhlaidh gur féidir dul isteach sa stéig mhór, san éasafagas agus sa ghoile le píobán agus ceamara suite ar an bhfoirceann tosaigh de (mar atá an t-ionscóp) chun cursaí a iniúchadh ach ní féidir ionscóp a úsáid i gcás na stéige bige - de bharr a caoile agus a leochaileachta, gan amhras.


Is fíordheacair ansin uaireanta diagnóis chruinn a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl inti - gan dul i muinín na scine. Cinnte go bhfuil scanóir CT ann ach nuair a bhíonn an dochtúir ag breathnú ar mheall mór casta stéige ar an scaileán is deacair gach rud a aithint.


I.S.  Athbhliain shona shláintiúil dhaoibh go léir!

10 comments:

  1. Wow! Bhíos buartha ag léamh síos a chara!

    Áthas an domhain orm gur dea-scéal a bhí ann agus go bhfuil tú ag teacht ar ais chugat féin.

    ReplyDelete
  2. Tacaímse leis an méid a bhí le rá ag an nDubhaltach.

    Fáilte ar ais agus go bhfága Dia do shláinte agat!

    ReplyDelete
  3. GRMA agat a Aonghus agus go mba hé thú!

    ReplyDelete
  4. Fáilte ar ais, deas le cloisteáil go bhfuil tú ag teacht chugat féin arís.

    ReplyDelete
  5. Ár gcomhbhlagálaí bocht! Agus gan a fhios ag aon duine againn go raibh tú tinn!

    Go deimhin, thug mé faoi deara go raibh tú iontach ciúin na laethanta seo...:-)

    Fáilte ar ais, a chara. Tabhair aire duit féin anois, agus go raibh 2011 gan tinneas agat.

    ReplyDelete
  6. GRMA agat, a Áine agus go mba hé thú!

    ReplyDelete
  7. An mbeifeá sásta grianghraf de do cholm a thaispeáint dúinn, mar a rinne LBJ tar éis dó dul faoin scian? A mháilín domlais a baineadh de.
    ;-)

    Tá áthas an domhain orm go bhfuil tú ceart go leor anois, agus tá súil agam go mbeidh tú ar do sheanléim chomh luath agus is féidir!

    ReplyDelete
  8. @ Dennis

    GRMA, a chara.

    Ní féidir liom grianghraf den cholm a thaispeáint mar tá greimlín fós air ach bheinn sásta grianghraf de cholm LBJ a thaispeáint. ;-)

    ReplyDelete