Wednesday, February 16, 2011

athrú poirt: "neachtlainnín!"...


"Ich jonn su unwahrscheinlich jähn met dir en der Waschsalon,
ich jonn su unwahrscheinlich jähn met dir en der Waschsalon,
weil, do häss Ahnung vun dä Technik, vun der ich nix verstonn..."


Amhrán ón ngrúpa BAP as Köln atá i gceist anseo: "Waschsalon". Tháinig sé amach sa bhliain 1981.

(Tá súil agam go bhfeidhmíonn an nasc daoibh, cibé áit a bhfuil sibh. Ní féidir an "scáileán" a leabú sa chás seo.)

Dála an scéil, má cheapann sibh go bhfuil cuma aisteach ar an nGearmáinis thuas is i gcanúint Köln, nó "Kölsch" mar a chuirtear air, a chastar an t-amhrán.

Sa chaighdeán oifigiúil tá cruth beagáinín eile air:


"Ich gehe so unwahrscheinlich gerne mit dir in den Waschsalon,
ich gehe so unwahrscheinlich gerne mit dir in den Waschsalon,
weil du hast Ahnung von der Technik, von der ich nichts verstehe..."

"Is breá go mór liom dul leat go dtí an neachtlainnín,
is breá go mór liom dul leat go dtí an neachtlainnín,
óir tá fios na teicnice agat nach dtuigim a dhath di..."


Ábhar an amhráin ná go molann an t-amhránaí an chaoi ar féidir leis a chara mná dul i ngleic leis na hinnill níocháin sa neachtlainnín mar ní thuigeann seisean aon cheo ina dtaobh. D'fhéadfaí a rá fiú go bhfuil sé saghas faoi gheasa aici.

De réir dealraimh, murab ionann agus boic eile, ní bheireann an leaid seo na cosa leis a luaithe a nochtann dualgais an tí agus an teaghlaigh chuige!

2 comments:

  1. An rud a thug mé féin faoi deara, le fir ar m'aithne, mar shampla, ná go dtuigeann siad an modh oibre, baineann siad úsáid as, ach ní fholaíonn siad na pócaí mar is ceart!

    ReplyDelete
  2. "...ach ní fholaíonn siad na pócaí mar is ceart!"

    ...agus is iad na ciarsúir pháipéir is mó a bhaineann "tairbhe" as!

    ReplyDelete