Tuesday, February 1, 2011

comhchiontach = ina thost...

Ba de thaisme a tháinig mé ar an suíomh idirlín seo. Le feiscint air tá taispeántas grianghrafadóireachta a chuir beirt ealaíontóir i bPotsdam i láthair an bhliain seo caite.

Tharraing an suíomh m'aird ar dhá chúis:
- cé go bhfuil an t-áiléar an-ghar d'áit a thaithím go minic níor thugas an taispeántas riamh faoi deara,
- pléann an taispeántas le hábhar arbh fhearr le mórán na ndaoine abhus gan plé leis ar chor ar bith.

I mí Meán Fhómhair na bliana 2009 maraíodh thart ar 91 Afganastánach gar do Kunduz nuair a d'iarr cornal d'arm na Gearmáine ar aerfhórsa SAM láthair a bhuamáil ina raibh tancaer ola i sáinn ar ghrinneall abhann ann.

Ionsaí Talabanach a bhí ar siúl ag lucht an tancaeir, dar leis an gcornal, sarar thiomáin siad isteach san abhainn, áit a raibh an tancaer i bhfostú ansin ar an ngrinneall.

Idir an dá linn, bhí daoine ón sráidbhaile in aice láimhe tagtha ar an láthair mar gheall ar an ola a bhí ar fáil saor in aisce sa tancaer a bhí ar éagumas san abhainn.

Is amhlaidh gur chuir an cornal ina luí ar na píolótaí neamhaird a dhéanamh den chleachtas coitianta agus gan eitilt thar an láthair roimh ré (gan buama a chaitheamh) chun rabhadh a thabhairt do na daoine.

Níor tugadh an rabhadh agus maraíodh 91 daoine dá bharr nuair a deineadh bombardú ar an tancaer. Ba pháistí iad formhór na n-íospartach cé gur maíodh ar dtús - mar is gnáth i gcásanna dá léithéid -  gur Talabanaigh a bhí iontu.

Riachtanas mí-ámharach a bhí i gceist a dtiteann a leithéid amach le linn cogaidh, dar le go leor tráchtairí abhus a mbíodh a mhalairt de phort de shíor le cloisint sna blianta roimhe uatha sara ndeachaigh a ndream féin i mbun ghnó an mharaithe.

B'ábhar iontais dom riamh a fhusacht a athraíonn daoine a meonta. Sna hochtóidí nuair ba iad an tIRA, ETA srl. amháin a bhí ag marú, is amhlaidh nach raibh sé deacair do dhaoine glacadh leis an teagasc íonghlan. Ach nuair a théann a ndream féin ina mbun is amhlaidh gur rud éagsúil eile ar fad a bhíonn i gceist ansin agus nár chóir, dá bharr, dul thar fóir leis an móráltachas.


Ar aon nós, tá borradh an-mhór tagtha faoin méid a easpórtálann tionscail arm na Gearmáine ó thosaigh an Ghearmáin páirt a ghlacadh sa chogaíocht san Afganastáin.

De ghnáth, nuair a mharaítear sibhialtaigh neamhúrchóideacha mar thoradh ar ionsaí foréigin san Iarthar feictear ainmneacha agus grianghraif na n-íospartach sna nuachtáin agus sna meáin eile. Músclaíonn cinniúint na n-íospartach - go háirithe más páistí a bhíonn i gceist - fearg agus déistin nuair a chuirtear faoi bhráid an phobail í.

Oiread agus ainm nó grianghraf amháin ní raibh le feiscint sna príomhmheáin i gcás na bpáistí a maraíodh i gKunduz.

Nuair a chuirtear dhá slat tomhais an Iarthair taobh le taobh is deacair gan aithint gur bolscaireacht i dteannta le moráltacht shuibiachtúil áise a bhíonn i gceist nuair a dhéantar idirdhealú dá leithéid idir drochghníomhartha an namhad agus drochghníomhartha dá chuid féin.


Ar aon nós, chuaigh na healaíontóirí, a chuir an taispeántas "Kunduz, 4. September 2009" i láthair, go hAfganastáin, bhailigh siad grianghraif de na híospartaigh agus a ngaolta agus tharrtháil iad as an neamhainmníocht a raibh siad curtha i nglas inti ag drochchonsias lucht maoinithe an tsléachta.

3 comments:

  1. "tá borradh an-mhór tagtha faoin méid a easpórtálann tionscail arm na Gearmáine ó thosaigh an Ghearmáin páirt a ghlacadh sa chogaíocht"

    Níl aon rud níos fearr chun borradh a chur faoin gheilleagar ná sléachtadh daoine i gcéin. Muise, thitfeadh an tóin as an gcóras ar fad gan é!

    Go raibh maith agat as seo a chur ar ár súile dúinn dála an scéil. Sílim gur chuala mé trácht gairid faoi nuair a chuala mé é, ach i ndáiríre, dála na meán sa Ghearmáin, ní raibh gíog nó míog astu abhus faoi.

    "B'ábhar iontais dom riamh a fhusacht a athraíonn daoine a meonta."
    Ach ar athraigh daoine a mheonta ar fhoréigean?
    Nach ea nach bhfuil an fhírinne á taispeáint dúinn, an fhírinne ghránna sin amhail ainmneacha na marbh, agus ceannaithe a muintire. Nó grianghraif dá gcorp agus íomhánna dá muintir á gcaoineadh?

    Tagaim le lucht frith-chogaíochta nuair a deireann siad nach mbeadh cogadh amháin eile ann dá dtaispeánfadh na meáin chumarsáide fírinne na cogaíochta go hoscailte ar an nuacht chuile oíche. Ní liostálfadh an lucht oibre san arm ariamh aríst, ní chaithfidís pingin chánach dá gcuid saothair ar lucht airm ach an oiread.

    ReplyDelete
  2. Is an táirge foirfe tomhaltais airm - dá mhéid a díoltar is ea is mó a ardaíonn an éileamh.

    Faraor.

    Cén deireadh a bhí ar chás an Chornal, dála ar scéal? Nach raibh níos mó ná sárú nós i gceist lena iompar?

    ReplyDelete
  3. "Nó grianghraif dá gcorp agus íomhánna dá muintir á gcaoineadh?"

    Ní féidir a bheith cinnte riamh nach bhfuil ann sa tuairisciú cogaidh sna meáin phríomhsrutha ach bolscaireacht ó thús deireadh.

    Dála an scéil, de réir meastúcháin eile maraíodh suas go dtí 145 duine sa bhombardú.


    "Cén deireadh a bhí ar chás an Chornal, dála ar scéal? Nach raibh níos mó ná sárú nós i gceist lena iompar?"

    Deineadh fiosrúchán ach níor tharla faic dó. Is sórt laoich é a gceapann go leor daoine go bhfuil leatrom déanta air.

    Níl fonn ag an bpobal i gcoitinne plé leis an gceist. Deir siad gur cogadh atá ann agus go dtarlaíonn rudaí den chineál sin i gcogadh. Ponc!

    Faoi mar a fheictear: ach an catagóiriú caoi a dhéanamh agus tá an fhadhb leis an gcoinsias réitithe.

    ReplyDelete