Friday, February 11, 2011

sanasaíocht na dramhaíola...

Blagmhír ghearr anseo.


Thug mé - dá m'ainneoin, is fuath liom iad de ghnáth (cé is moite den spórt) - sciuird isteach ar na nuachtáin Domhnaigh an deireadh seachtaine seo caite.

Dheineas an t-alt seo a ghliogáil de thaisme. Agus mé ag éalú uaidh (láithreach) rith ceist chugam. Ní fios dom an comhtheagmhas a bhí ann nó nach raibh. (Comhtheagmhas gan dabht.)

Dob í a cheist a rith liom ná: an bhfuil gaol sanasaíochta éigin idir "dramhaíl" na Gaelainne agus "drivel" an Bhéarla?

5 comments:

  1. Níl... cé gurb ionann drivel agus “dramhaíl cainte”, ceart go leor. (Is cosúil, áfach, gur tháinig an focal drool ó drivel.)

    Maidir le “dramhaíl”, is féidir gur ón ainmfhocal “drámh” a díorthaíodh é. Tá an focal “drabh” ann fosta i nGaeilge na hAlban, a tháinig (is dócha) ó draff = spent malt an Bhéarla. Ach níl rian de cheachtar acu, “drámh” ná “drabh”, in DIL.

    ReplyDelete
  2. 'draḃruiġeall' atá i Lanes Larger do 'trash, rubbish, refuse'.

    An bhfuil a fhios agat céard atá ann do 'drivel i.e. foolish talk, unmeaning or inarticulate utterance'?

    Sea. 'Ráṁaille'!

    ReplyDelete
  3. Is féidir go bhfuil an “drabhar” céanna san fhocal “drabh[a]ruigheall” agus atá san fhocal Sean-Ghaeilge "drabharṡlóg” (.i. daoscarshluagh).

    ReplyDelete
  4. Suimiúil, a Dennis.

    Ar lch. 42, Cén Sórt É?, tá sé seo:

    'drabhlásaí (f4) Duine drabhlásach, duine ainrianta ragairneach ÓD'

    Iad uile nasctha lena chéile, ar bhealach éigin, is dócha!

    ReplyDelete