Wednesday, March 30, 2011

cé a bhain an tromlach sa pharlaimint amach...?


Sa léarscáil thuas tá réigiún le 70 toghcheantar le feiscint. Léiríonn dath toghcheantair cé acu de na páirtithe a bhain ní ba mhó vótaí ná aon pháirtí eile sa toghcheantar sin amach sa toghchán deireannach, agus dá bharr, an suíomh sa pharlaimint don iarrthóir ón bpáirtí sin.

Cé, dar libh, a bhain an tromlach i bparlaimint an réigiúin amach?

6 comments:

  1. Buille faoi thuairim: Glas. Déarfainn go bhfuil an chathair is mó sa cheantar suite i lár baill, agus go bhfuil bailte móra eile cois farraige sa tuaisceart agus sa deisceart sna toghcheantracha glasa eile.

    ReplyDelete
  2. Ó, is Baden-Wurttemburg atá ann. Níl cósta ar bith ann! Ach bhí mé ceart faoin bpríomhchathair sa lár, agus an bua glas, ar a laghad.

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart agat, a Sheáin. Baden-Württemberg atá i gceist.

    Bhain an lucht dubh 60 suíomh as 138 amach. Beidh comhrialtas glas/dearg i gceannas an reigiún amach anseo; 36 agus 35 suíomh a fuair siad faoi seach agus tá tromlach beag acu sa pharlaimint anois.

    Tuilleadh sa chéad bhlagmhír eile.

    ReplyDelete
  4. recte: i gceannas ar an reigiún

    ReplyDelete