Saturday, January 7, 2012

an comharba ar an uachtarán agus an dlí neamhscríofa...


Le roinnt seachtaine anuas tá Uachtarán na Gearmáine ag tuisliú ar sheanscéalta a bhaineann leis an tréimhse le linn dó a bheith ina phríomh-aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Agus anois tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh an dara rogha aige ach éirí as oifig más mian leis gradam oifig na huachtaránachta a chaomhnú.


Is aisteach an scéal é ar bhealach mar ní raibh suim ag duine ar bith (nó an raibh?!) go dtarlódh a lethéid, go háirithe tar éis dá réamhtheachtaí Horst Köhler éirí go tobann as oifig bliain go leith ó shin, rud nár tharla riamh roimhe sin agus a bhain creatha as an gcóras ag an am.

Ar aon nós, nuair a théann Angela Merkel agus a comhghleacaithe i mbun iarrthóirí nua a roghnú ní bheidh orthu reiligiún na n-ábhar uachtaránachta a chur san áireamh.

Is amhlaidh go bhfuil dlí neamhscríofa ann a bhaineann leis na trí phost is airde sa státchóras agus a gcloítear leis ó bunaíodh an stát sa bhliain 1949. De réir an dlí neamhscríofa seo ní féidir le triúr ón reiligiún céanna na trí phost a bheith acu ag an am céanna.

Mar sin, ós rud é go bhfuil Ceann Comhairle an Bhundestag ina Chaitliceach agus Seansailéir Merkel ina Protastúnach ní bheidh ceist an chreidimh le cur san áireamh nuair a roghnófar comharba ar Wulff (atá ina Chaitliceach).

5 comments:

  1. Bheadh "Ballraíocht Eaglaise" níos cruinne ná "creideamh" sa chás seo, sílim!

    Cad é sin a dúirt Oscar Wilde faoi dhá Uachtarán a chailleadh?

    ReplyDelete
  2. "Bheadh "Ballraíocht Eaglaise" níos cruinne ná "creideamh" sa chás seo, sílim!"

    Aontaím leat. Ní raibh mé féin ró-shásta leis an leagan eile. Sa Ghearmáin, mar is eol duit, bíonn ballraíocht oifigiúil in eaglais éigin ag gach duine atá ina bhall d'eaglais, mar gheall ar an gcáin eaglaise - beag beann ar a dhúthracht nó aon rud eile.

    Ní fios dom cad an dúirt Oscar. Cad a dúirt sé?

    ReplyDelete
  3. Lady Bracknell a dúirt, in the Importance of Being Earnest.

    To lose one parent, Mr. Worthing, may be regarded as a misfortune; to lose both looks like carelessness

    ReplyDelete
  4. Tá cuma an mhíchúraim ar an scéal, gan dabht.

    Ar aon nós, ba mhíchúramach é oil in úir nó dhó (nó trí nó...) a bheith fágtha sa bhealach ag mo dhuine agus, ag an am céanna, glacadh le jab faoi mhicreascóp an phreasa.

    Ach ar chúis éigin, is trua liom é beagán beag.

    Mar a deirtear: dumm gelaufen.

    ReplyDelete