Wednesday, February 1, 2012

gearóid mac ádhaimh mar thaoiseach?...


Tá uair na práinne buailte le Poblacht na Éireann agus i bhfianaise ar thit amach sna laethanta beaga is léir go bhfuil duine ag teastáil mar cheannaire ar rialtas na tíre a bhfuil cnámh droma inbhraite ann. I láthair na huaire is é sin an mianach is tábhachtaí.

Ní chuirfeadh sé iontas ná olc orm má cheaptar go bhfuilim imithe as mo mheabhair ach tar éis dom taighde a dhéanamh ar na hábhair cheannaire i bhfianaise a bhfuil de dhíth ar an tír faoi láthair, ní raibh fágtha ar an liosta sa deireadh ach ainm amháin: Gearóid Mac Ádhaimh.

Tá a fhios agam go bhfuil drochmheas ag go leor daoine air ach deirimse gur chóir an fichiú haois a ligean i ndíchuimhne agus aghaidh a thabhairt ar an todhchaí. Ní mór a admháil gur fear righin, cróga é a bhfuil seasamh a choda ann agus is í sin an tréith a bhfuil an géarghá is mó léí i ndufair chrua an lae inniu mar ní fiú aon mhianach eile má tá an mianach sin in easnamh. Agus is é sin seirfean truamhéileach na fírinne.

Agus, mura bhfuil dul amú mór orm, ní dóigh liom go bhfuil sé ar thóir an airgid ná an tsaoil bhoig. Agus ní dóigh liom go mbeadh sé de dhásacht ag éinne meas coileáinín a thabhairt air. Agus ba thús maith an méid sin féin!

Mar sin, d'fhéadfainn rialtas éigeandála náisiúnta a shamhlú leis an Uasal Mac Ádhaimh ina cheannaire air.

Nó an bhfuil aon duine eile ann a d'fhéadfaí a mholadh?

3 comments:

  1. Is cuma faoin ceann Stáit, ós rud é go bhfuil an Stáit féin lofa mí-éifeachtach.

    Ach ní bheinn sásta le aon duine den dream atá thuas faoi láthair. Níl siad, ná a ngluaiseachtaí, le trust. Cuireann, agus chuir, Mac Adaimh an páirtí roimh an pobal, mar a níonn gach duine eile acu.

    Erpresste Ehre schenk' ich Dir, Partei!

    ReplyDelete
  2. Tá fadhb bhunúsach ag baint le cás an Stáit thall. Le linn don "aicme cheannasach" agus go leor den phobal i dteannta leo a bheith ag pramsáil leo go dímheabhrach ar bholgán taibhsiúil an Tíogair Cheiltigh bhí an saol sna tíortha le geilleagair réalaíocha ag athrú go bunúsach.

    Tá dream na seanaoise fós in ainm a bheith ag rialú na tíre thall agus is léir nach bhfuil siad inchurtha leis an dream a mbíonn siad ag deileáil leo san Eoraip faoi láthair.

    B'fhéidir nach bhfuilim lándáiríre faoi mo mholadh "baothdhána" thuas ach is léir anois ar a dhéanaí nach mbeidh i ndán d'Éirinn ach an ceann lofa de gach margadh fad a fhanann daoine i bhfeighil an rialtais nach bhfuil ach meas dóithín orthu thar lear.

    (Go raibh maith agat as an amhrán.)

    ReplyDelete
    Replies
    1. Sin agat é. Ach is leis an rialtas buan atá an bunfhadhb. Múnlaíonn siadsan na polaiteoirí de réir a dtola siúd. Agus go gasta.

      (Níl a bhuíochas ort)

      Delete