Saturday, August 29, 2009

Deimhnithe go hoifigiúil! Sin-seanmháthair le Gaeilge dhúchais.




Cé go bhfuil suim an phobail ina ghinealach fhéin ag fás le feadh tamaill anuas níl aon athrú tagtha ar an seanfhíoras gur leadránaí craobh ghinealaigh an fhir thall ná aon ní eile ar domhan.

Mar a fógraíodh sna meáin chuir an Chartlann Náisiúnta bunachar sonraí digiteach an daonáirimh 1911 ar fáil inné agus is féidir le gach duine dul i mbun taighde ann ar a chraobh ghinealaigh ach an nasc http://www.census.nationalarchives.ie/search/ a chliceáil agus an áis chuardaigh a úsáid.

Agus na daoine ag comhlánú na bhfoirmeacha i 1911 b'éigean dóibh ceist a fhreagairt mar gheall ar cé acu an raibh nó nach raibh an Ghaelainn ar a gcumas acu. Léiríonn freagraí na ceiste sin - a bheag nó a mhór de - staid na teanga agus dáileadh na gcainteoirí dúchais ar fud na gceantar ina raibh an teanga fós ar mharthain iontu sa bhliain 1911.

Le teann fiosrachta do dheineas mearthaighde beag ar na ceantair tuaithe thart timpeall ar Chluain Meala i ndeisceart Thiobrad Árainn agus thart timpeall ar Inis Caoin in iarthar Chorcaí.

Agus toradh an taighde bhig? I roinnt mhaith de na teaghlaigh sna ceantair úd bhí na seandaoine dátheangach nó bhí gach duine fiú sa teaghlach dátheangach. Pócaí teoranta a bhí i gceist, ar ndóigh, cé go raibh iarthar Chorcaí i bhfad níos láidre mar cheantar Gaelainne san am sin.

D'ainneoin go raibh gluaiseacht athbheochana na teanga ag múscailt mórtais cine agus teanga ag an am céanna bheinn muiníneach as beachtas mhórchuid na faisnéise. Bhí na cainteoirí dúchais braislithe nó cnuasaithe i bpócaí teoranta. Dá mba é mórtas teanga seachas cumas teanga ba chúis leis na freagraí bheadh patrún ní ba scaipthe ann.

Ba as Uí Bhreacáin in iarthar chontae an Chláir mo shin-seanmháthair agus ba gheall le Gaeltacht í an áit chéanna fós sa bhliain 1911. Tar éis a pósta bhí sí ina cónaí i bhfoisceacht cúpla míle ón Inis. Dúradh riamh gurbh cainteoir dúchais í agus tá an deimhniú oifigiúil ann anois!

(A mhuintir na Gaeltachta, nach truamhéalach an t-ainniseoir é an duine Galltachta agus sceitimíní air go raibh Gaeilge dhúchais ag ceann de na cian-ghlúine ;) )

Sunday, August 23, 2009

"Ar Choinleach Glas an Fhomhair"





Ar choinleach glas an Fhomhair


A stóirín gur dhearc mé uaim


Ba dheas do chos i mbróg


'S ba ró-dheas do leagan siúil


Do ghrua ar dhath na rósaí


'S do chúirníní bhí fite dlúth


Monuar gan sinn 'nár bpósadh


Nó ar bórd loinge ag triall chun siúil.




Tá buachaillí na h-áite seo


A' gáire 'gus ag éirí teann


Is lucht na gcocán árd


A' deánamh fáruis do mo chailín donn


Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne


Thar sáile 's a shluaite cruinn


Bhrúfainn féar is fásach


'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.




'Sé chuala mé Dé Domhnaigh


Mar chómhrá 'gabháil idir mhná


Go raibh sí 'gabháil 'a pósadh


Ar óigfhear dá bhfuil san áit.


A stóirín glac mo chomhairle


'S a' fomhar seo fan mar atá


'S cha leigim le 'bhfuil beo thú


A stór nó 's tú mo ghrá.






http://www.youtube.com/watch?v=Oi0M7PLJZKw



"A' deánamh fáruis do mo chailín donn": tá an líne sin feicthe agam le "A' deánamh airnéis' do mo chailín donn". Níor éirígh liom an focal "fáruis" a aimsiú sna gnáthfhoinsí, ach thabharfainn buille faoi thuairim gur "fearas / fearais" (=uirlis) atá i gceist.


Pé scéal é, ba chóir do na mná ardnósacha leis na cocáin arda a gcuid cnotaí gruaige a scaoileadh anuas, a gcuid oibre a dhéanamh féin agus gan a bheith ag iarraidh cailín aimsire a dhéanamh den chailín donn bocht! ;)







Wednesday, August 19, 2009

31° nó "An uair as mò an èiginn, dearbhar an caraid dìleas."

Faoi mar a fheicim, tá an teocht thart ar 20° in Éirinn inniu. Tá an aimsir go deas séimh mar sin.

Tá roinnt eolais - agus i nGaelainn leis - ar fáil ar láithreán Gréasáin de chuid met.ie.

http://www.met.ie/climate/temperature_ga.asp

Mar shampla:

"Ba ag Booragh, Co Uíbh Fháilí a taifeadadh an teocht ab airde sa 20ú haois, nuair a shroich sé +32.5°C san áit sin ar an 29 Meitheamh 1976. "

31° celsius is ea an teocht abhus inniu. Agus amárach? Beidh 33° celsius againn amárach de réir tuar na haimsire!

Mar a deir an seanfhocal Albanach thuas: Is in aimsir chruacháis a aithnítear buanchara.

Agus seo libh, ar dheis, é an buanchara: http://www.inlife.de/blog/media/blogs/ventilator.gif

Thursday, August 13, 2009

In ainm a bheith... Klaus?

De shíor an ainm céanna! Nach leadránach an nós é?

Dar le lucht nuachta teilifíse an ARD bhí sé thar am beagáinín éagsúlachta a thabhairt isteach sa scéal.

Agus mar is cóir do bhealach teilifíse de chuid an stáit amhail an t-ARD dob é an tUachtarán an chéad duine a roghnaíodh le go mbainfeadh sé tairbhe as an dtionscnamh nua - agus é os comhair an domhain ag oscailt shearmanach chraobh an domhain um lúthchleasaíocht i mBerlín.

Agus cé nach ainm baiste nua é "Klaus", ní fhéadfá a shéanadh go bhfuil bua na huama ag "Klaus Köhler".

Ní gá a rá nach raibh an lucht leis an meon coimeádach ró-shásta leis an idé nuaga - is ball de pháirtí coimeádach na Gearmáine (CDU) é an "Klaus" céanna.

Pé scéal é is é "Horst" atá air arís. "Garrán", "coill" nó "caschoill" is brí don ainm úd sa Ghearmáinis.

Smaoineamh fánach: Tá feachtas an toghcháin fheidearálaigh ar siúl faoi láthair. Cá bhfios, b'fhéidir gur baisteadh ár "gKlaus" faoi anáil an fheachtais sin. Agus nach oiriúnach é "Klaus" mar ainm do pholaiteoir in am an toghcháin? ;)

Sunday, August 9, 2009

Auf Cló: Fad na seachtaine oibre agus na laethanta saoire

http://www.berlinonline.de/berliner-zeitung/archiv/.bin/dump.fcgi/2009/0801/wirtschaft/0043/index.html

"Doch gleichzeitig gibt es in kaum einem Land der EU soviel bezahlten Urlaub wie hier. 30 Tage sind in den hiesigen Tarifverträgen im Schnitt vorgesehen, das bedeutet Platz Nummer Zwei in der EU zusammen mit Dänemark hinter Schweden. Zum Vergleich: In Frankreich gibt es 25 Urlaubstage, in Irland 24, in Rumänien 21 und in Zypern und Estland gar nur 20 Tage zur Erholung.

Dazu kommt, dass in Deutschland im Vergleich zu einigen anderen EU-Ländern deutlich mehr Feiertage gewährt werden - vor allem in den katholischen Bundesländern."

Ach ag an am céanna níl aon tír eile san Eoraip nach mór ina bhfaightear a oiread saoire le pá agus abhus (an Ghearmáin). Tá 30 lá ar an meán leagtha síos mar choinníoll sna comhaontaithe comhchoiteann, ciallaíonn sin go bhfuil An Ghearmáin sa dara áit san AE leis an Danmhairg le chéile i ndiaidh na Sualainne. Le haghaidh comparáide: San Fhrainc tá 25 lá saoire, in Éirinn 24, sa Rómáin 21, agus sa Chipir agus san Eastóin níl ach 20 lá chun an scíth a ligean.

Ina theannta sin, tá líon na laethanta saoire (idir bhainc agus fhógartha) níos mó ná i roinnt de na hAE-stáit eile - go háirithe sna ballstáit chonaidhme chaitliceacha.

Auf Cló: Lucht foghlamtha an Bhéarla ón nGearmáin ag triall ar an Oileán Úr

http://www.spiegel.de/schulspiegel/ausland/0,1518,641142,00.html

"Im Jahr davor gingen...8200 ...Schüler in die USA. Auch in anderen englischsprachigen Ländern gibt es einen Anstieg der Schülerzahlen: Vor allem Kanada (1637), Neuseeland (985), Australien (965), aber auch England (455) und Irland (266) zählten nach Angaben des Verlages zu den beliebtesten Zielen."

An bhliain roimhe sin chuaigh 8,200 go dtí na Stáit Aontaithe. Tháinig méadú freisin ar líon na scoláirí a thug aghaidh ar tíortha Béarla eile: go háirithe bhí Ceanada (1,637), an Nua-Shéalainn (985), an Astráil (965), Sasana (455) agus Éireann (266) i measc na gceann scríbe ba choitianta de réir faisnéise an fhoilsitheora (Berliner Recherchen-Verlags a dhein an suirbhé.)

Auf Cló: Daonra na Gearmáine ag dul i laghad.

(Tagairt do Éirinn i meáin na Gearmáine)

http://www.spiegel.de/politik/deutschland/0,1518,640114,00.html


"In keinem anderen EU-Land kommen so wenig Kinder zur Welt wie in Deutschland. Pro 1000 Einwohner wurden im vergangenen Jahr rechnerisch nur 8,2 Kinder geboren - in Irland waren es mehr als doppelt so viele. Das belegt eine Studie des europäischen Statistikamts Eurostat, die am Montag veröffentlicht wurde."

Tá an ráta beireatais sa Ghearmáin ar an gceann is ísle i measc tíortha an AE. An bhliain seo caite níor rugadh ach 8.2 (méid áirimh) leanbh in aghaidh an mhíle - rugadh breis agus a dhá oiread níos mó in Éirinn. Léiriodh an méid sin i staidéar de chuid Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach Eurostat a foilsíodh Dé Luain.

Saturday, August 1, 2009

ALAN TITLEY: CROBHINGNE / 30.07.2009 - "Seasamh poiblí"



Cá bhfuil freagairt na n-ealaíontóirí ar an ngéirchéim eacnamaíochta agus cén fáth nach bhfuil an t-aos dána i mbun a thochailte leis na fréamhacha is doimhne agus is dofheicthe don duine gnáthbhásmhar a aimsiú, a nochtadh agus a tharraingt os comhair an tsaoil mhóir dúinn?

Chuir Alan Titley an cheist sin san alt dó an tseachtain seo. http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/0730/1224251670552.html

(Is fiú na hailt de chuid Alan Titley san IT a léamh; tá gluais don cheann i gceist anseo -> http://ormondo-fon.blogspot.com/2009/08/alan-titley-crobhingne-30072009-gluais.html )




"Dearmadtar na tráchtairí, na polaiteoirí, na heacnamaithe, mar b’iad a bhí gafa i lúib na bréige. Ba dhóigh leat, áfach, go mbeadh léargas éigin sa bhreis ag an aos dána, ag na healaíontóirí a mhaíonn go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht.
Ach cá bhfuil na healaíontóirí uainn anois, go díreach nuair atá gá againn leo? Cá bhfuil an fhearg, agus an bhinb, agus an aoir? Ní ar son amaidí an tsaoil abhus go díreach, ach ar son amaidí an tsaoil mhóir."



Má tá lucht na healaíne ag loiceadh orainn agus sinn sa duibheagán gan treoir gan fhírinne: cad is cúis leis?

B’fhéidir go raibh margadh ann do thairgí ealaíne a bhí criticiúil, réabhlóideach fiú, ó thús na fichiú haoise go dtí tar éis an Chogaidh. Bhí sé faiseanta sa ré úd dul i mbun an domhan, agus an cine daonna leis, a chur ar a leasa - agus an gnó a dhéanamh go poiblí; ar thús cadhnaíochta na h-ealaíontóirí. (Is é atá i gceist agam, ar ndóigh, ná an mhór-ealaín; fágaimid feadóg stáin an tábhairne ar lár le hainm Dé.)

Ach is fiú an cheist a chur: cé is moite den tréimhse neamhghnáthach úd nach amhlaidh nach raibh san ealaín riamh anall ó thús na hÁdhamhchlainne ach siamsa lom nach raibh mar phríomhchuspóir di ach aird an phobail a tharraingt ón ndrochscéal - idir leadrán agus thubaiste – bíodh gur ar mhaithe leis an bpobal féin (an dearcadh saonta, b’fhéidir) nó ar mhaithe le "lucht an rialtais" a ndéantaí, agus a ndéantar, í?


"Is beag rud is lú is cás linn ná an file a chuireann a cloigeann san oigheann ar son a cuid leithleasachta aonair beagshuaraí amháin."


Déarfainn féin gur sa taisceadán a bheadh an cloigeann sáite go minic agus catsúil aige ar a bhfuil istigh ann. San ealaín ní fírinne go fírinne na caolchúise dothuigthe ach an fhírinne is tabhachtaí a bhaineann leis an ealaín sa lá inniu níl sé deacair ar chor ar bith í a thuiscint: is ábhar tráchtála é an ealaín agus níl puinn suime ag na pátrúin go nochtar bonn an scéil.

Agus na healaíontóirí a bhíonn gníomhach i gcultúr an phobail? Fadó, fadó do chuir an dream siúd, a raibh fonn orthu sa ré sin a bheith de shíor ag dul i bhfíáin, gairm na réabhlóide amach. Anois is ag teannadh ar an gcéad milliún de bhreis a bhíonn siad agus a ndlíodóirí ar thóir chlann agus chlann clainne a seanlucht leanúna ag cur an dlí orthu mar gheall ar an gcóipcheart a bheith sáraithe acu san idirlíon - ar eagla nach mbainfeadh na seanréabhlóidithe an chéad mhilliún de bhreis sin amach.

Agus cad a bheadh le rá ag an dream úd - dá dtabharfaidís faoi ndeara é - ar an gcaoi ina bhfuil gnáthdaoine agus iad ag maireachtáil ar an ngannchuid de bharr na géirchéime? "Go n-ithe siad cáca!"

ALAN TITLEY: CROBHINGNE / 30.07.2009 (Gluais)

Seasamh poiblí

dúchinniúint / dire fait

ár gcuid leasracha a dhlúthú go teann / to press our thighs together tightly i.e. to brace ourselves (do lucht na Gearmáinise: unsere Arschbacken zusammenzukneifen)

gur cuireadh an chluain mhaoineach orthu / that they were deceived by the pretence of wealth

gafa i lúib na bréige / caught in the snare of mendacity

go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht / that they can glimpse the "flashes" (of insight) that are hidden by everyone from everyone amongst common mortals

aoir / satire

pictiúr táscúil (táscmhar) / renowned picture

is lú ná sin a thug sé ar rialtais na hEorpa gan aitheantas a thabhairt do.../ he managed even less (successfully) than that to stop the governments of Europe giving recognition to...

bua déanach / final victory

í a shloinneadh / ainm a chur uirthi

teibí / abstract

smístithe le tua / smashed with an axe

le teann measa / with sheer esteem

Is é a dhála céanna ag / it's the same case with

fís...ag tochas ar a himleacáin féin / vision...scratching its own navel

meon na n-amhas / disposition of the mercernaries