Wednesday, August 19, 2009

31° nó "An uair as mò an èiginn, dearbhar an caraid dìleas."

Faoi mar a fheicim, tá an teocht thart ar 20° in Éirinn inniu. Tá an aimsir go deas séimh mar sin.

Tá roinnt eolais - agus i nGaelainn leis - ar fáil ar láithreán Gréasáin de chuid met.ie.

http://www.met.ie/climate/temperature_ga.asp

Mar shampla:

"Ba ag Booragh, Co Uíbh Fháilí a taifeadadh an teocht ab airde sa 20ú haois, nuair a shroich sé +32.5°C san áit sin ar an 29 Meitheamh 1976. "

31° celsius is ea an teocht abhus inniu. Agus amárach? Beidh 33° celsius againn amárach de réir tuar na haimsire!

Mar a deir an seanfhocal Albanach thuas: Is in aimsir chruacháis a aithnítear buanchara.

Agus seo libh, ar dheis, é an buanchara: http://www.inlife.de/blog/media/blogs/ventilator.gif

2 comments:

  1. Tá sé ina gheimhreadh anseo inniu, a chara, é ag báisteach ar feadh an lae. Cé nach bhfuil sé fuar, níl aon ghrian le feiceáil. Murach an St. Tropez...

    ReplyDelete
  2. Cé go mbíonn sé ró-the anseo i ndeisceart na Gearmáine sa samhradh (agus ró-fhuar sa gheimhreadh!) is buntáiste é d'ainneoin sin go mbíonn an dea-aimsir seasmhach go leor anseo.

    ReplyDelete