Sunday, August 23, 2009

"Ar Choinleach Glas an Fhomhair"





Ar choinleach glas an Fhomhair


A stóirín gur dhearc mé uaim


Ba dheas do chos i mbróg


'S ba ró-dheas do leagan siúil


Do ghrua ar dhath na rósaí


'S do chúirníní bhí fite dlúth


Monuar gan sinn 'nár bpósadh


Nó ar bórd loinge ag triall chun siúil.




Tá buachaillí na h-áite seo


A' gáire 'gus ag éirí teann


Is lucht na gcocán árd


A' deánamh fáruis do mo chailín donn


Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne


Thar sáile 's a shluaite cruinn


Bhrúfainn féar is fásach


'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.




'Sé chuala mé Dé Domhnaigh


Mar chómhrá 'gabháil idir mhná


Go raibh sí 'gabháil 'a pósadh


Ar óigfhear dá bhfuil san áit.


A stóirín glac mo chomhairle


'S a' fomhar seo fan mar atá


'S cha leigim le 'bhfuil beo thú


A stór nó 's tú mo ghrá.






http://www.youtube.com/watch?v=Oi0M7PLJZKw



"A' deánamh fáruis do mo chailín donn": tá an líne sin feicthe agam le "A' deánamh airnéis' do mo chailín donn". Níor éirígh liom an focal "fáruis" a aimsiú sna gnáthfhoinsí, ach thabharfainn buille faoi thuairim gur "fearas / fearais" (=uirlis) atá i gceist.


Pé scéal é, ba chóir do na mná ardnósacha leis na cocáin arda a gcuid cnotaí gruaige a scaoileadh anuas, a gcuid oibre a dhéanamh féin agus gan a bheith ag iarraidh cailín aimsire a dhéanamh den chailín donn bocht! ;)







5 comments:

  1. Foirm eile den fhocal „áras“ atá ann .i. „ag déanamh árais do mo chailín donn“.

    ReplyDelete
  2. "Broinn" is ciall dó sa chás seo, an ea?!

    ReplyDelete
  3. Hm. Ní dóigh liom. Shíl mé féin i gcónaí gur teach, bothán nó áit éigin eile cónaithe a bhí i gceist. Nó cén chaoi a mbeadh na buachaillí ag déanamh broinne don chailín sin?

    ReplyDelete
  4. Sa chaoi gur mhaith leo leanaí a ghineadh léí?

    ReplyDelete