Thursday, August 13, 2009

In ainm a bheith... Klaus?

De shíor an ainm céanna! Nach leadránach an nós é?

Dar le lucht nuachta teilifíse an ARD bhí sé thar am beagáinín éagsúlachta a thabhairt isteach sa scéal.

Agus mar is cóir do bhealach teilifíse de chuid an stáit amhail an t-ARD dob é an tUachtarán an chéad duine a roghnaíodh le go mbainfeadh sé tairbhe as an dtionscnamh nua - agus é os comhair an domhain ag oscailt shearmanach chraobh an domhain um lúthchleasaíocht i mBerlín.

Agus cé nach ainm baiste nua é "Klaus", ní fhéadfá a shéanadh go bhfuil bua na huama ag "Klaus Köhler".

Ní gá a rá nach raibh an lucht leis an meon coimeádach ró-shásta leis an idé nuaga - is ball de pháirtí coimeádach na Gearmáine (CDU) é an "Klaus" céanna.

Pé scéal é is é "Horst" atá air arís. "Garrán", "coill" nó "caschoill" is brí don ainm úd sa Ghearmáinis.

Smaoineamh fánach: Tá feachtas an toghcháin fheidearálaigh ar siúl faoi láthair. Cá bhfios, b'fhéidir gur baisteadh ár "gKlaus" faoi anáil an fheachtais sin. Agus nach oiriúnach é "Klaus" mar ainm do pholaiteoir in am an toghcháin? ;)

3 comments:

  1. Dála an scéil, nead Iolair brí eile le Horst.

    Tá Adlershorst gar do Bheirlín.

    Breis anseo

    ReplyDelete
  2. Dá mbeadh sé ina phíolóta, d'fhéadfaí "Fliegerhorst" a chur air mar leasainm.

    ReplyDelete