Wednesday, September 23, 2009

T o g h a l a o !



Níl mé cinnte arbh é an t-olltoghchán abhus ba chúis leis nó nárbh é, ach rith an seanfhocal Gearmánach gan trócaire seo liom an lá cheana:
"Die dümmsten Kälber wählen ihre Metzger selber."

Is é is brí don abairt siúd ná: "Toghann (nó roghnaíonn) na laonna is dúire iad féin a mbúistéir."

Nó d'fhéadfaí a rá ar chaoi eile: "Is dá dtoiliúna féin a ritheann na laonna is dúire isteach sa seamlas."

Focal suimiúil is ea "seamlas". Tá sé gaolta leis an bhfocal Gearmánach "Schemel" a chiallaíonn "stól" nó "stól coise."

De bharr na cosúlachta idir an stól seo agus bord an bhúistéara dob' é i gcaitheamh na n-aoiseanna an t-ainm a fuair an áit ina maraítear na beithígh ná "seamlas" - de réir an fhoclóra, ar aon nós.

Ach an bhfuil an dara rogha ag na laonna bochta?

An é i ndáiríre nach é an rogha (nó an toghchán) atá ar fáil feasta ach rogha an dá dhíogha?

Ní féidir gurb é go bhfuil siad ag éalú óna feoilséantóirí agus iad (na laonna) ar táinrith isteach sa seamlas!?

Gach seans gur laonna cliste iad i ndáiríre, má smaoinítear air. Sa lá inniu ní féidir rith isteach sa seamlas mar táthar ann cheana féin.

3 comments:

  1. Is ó "shambles" an Bhéarla a tháinig seamlas. Tá an ceart ar fad agat maidir le gaol an fhocail sin le Schemel na Gearmáinise. Ach is focal Rómánsach ó cheart é, ó scamillum na Laidine, focal a chiallaíonn "stól".

    ReplyDelete
  2. Mar fheoilséantóir, a chuireann ruaig ar na laonna ó mo phláta, bheinn buartha dá mbeadh siad ag rith uaim isteach sa seamlas!

    Seamlas ceart a bheadh ansin…:-)

    ReplyDelete
  3. Agus - faoi mar a fheicimse i dictionary.com - is é "scamillum" an leagan díspeagtha(?) de "scamnum" agus ciallaíonn "scamnum" binse.

    Arbh iad na binsí nó na stólta a bhí ina n-intinní acu ag na daoine agus an "seamlas" á bhaisteadh acu, meas tú?

    An bhfuil a fhios ag éinne cad é an céatadán de fheoilséantóirí i measc lucht oibre na seamlas?

    ReplyDelete