Saturday, December 5, 2009

Oratóir Nollag - Oratorio de Noël - Weihnachtsoratorium


Cheannaigh mé an dlúthdiosca thuas roinnt blianta ó shin (más féidir "roinnt" a rá agus 19/11/91 an dáta ar an lipéad praghais!) agus éistím go rialta leis gach bhliain ó shin i leith san am thart ar an Nollaig.

Is saothar ceoil é an t-oratóir le ceolfhoireann, cór agus aonréadaithe. Tagann an t-oratóir agus an ceoldráma as an múnla céanna cé gur fanann na ceoltóirí agus na hamhránaithe le linn an oratóra san áit chéanna de ghnáth ar an stáitse nó ar an altóir. Eascraíonn an focal "oratóir" ón bhfocal Laidineach oratorium a chiallaíonn aireagal nó teach urnaí (orare = guigh) agus de ghnáth is é scéal éigin ón mBíobla ábhar an oratóra.

Ní nach ionadh mar sin gurb é scéal na Nollag a bpléitear leis sa saothar seo de chuid Camille Saint-Säens - ar cheann de chumadóirí móra na Fraince agus an domhain féin an fear céanna - a saolaíodh i bPáras é sa bhliain 1835. Chum sé an t-oratóir Oratorio de Noël sa bhliain 1858 - fós le linn a óige. I gcomórtas leis na horatóirí cáiliúla eile tá binneas agus éadroime éigin den dea-chineál ag baint leis an saothar seo.

I gcás saothair as réimse an cheoil chlasaicigh caitear go minic dul i dtaithí air ar dtús ar shlí neamhdhíreach, gan d'aird iomlán a dhíriú air ach é a sheinm sa chúlra cúpla uair.

Is ceol binn séiseach é an ceol a chum Saint-Säens agus thairis sin oireann Oratorio de Noël do ghné athmhachnamhach na Nollag.

1 comment:

  1. Leagan Bach a chleachtann muide.

    Cuireann an ceol go mór leis an Aidbhint agus an Nollag.

    ReplyDelete