Ba de thaisme a tháinig mé ar an suíomh idirlín
seo. Le feiscint air tá taispeántas grianghrafadóireachta a chuir beirt ealaíontóir i bPotsdam i láthair an bhliain seo caite.
Tharraing an suíomh m'aird ar dhá chúis:
- cé go bhfuil an t-áiléar an-ghar d'áit a thaithím go minic níor thugas an taispeántas riamh faoi deara,
- pléann an taispeántas le hábhar arbh fhearr le mórán na ndaoine abhus gan plé leis ar chor ar bith.
I mí Meán Fhómhair na bliana 2009 maraíodh thart ar 91 Afganastánach gar do Kunduz nuair a d'iarr cornal d'arm na Gearmáine ar aerfhórsa SAM láthair a bhuamáil ina raibh tancaer ola i sáinn ar ghrinneall abhann ann.
Ionsaí Talabanach a bhí ar siúl ag lucht an tancaeir, dar leis an gcornal, sarar thiomáin siad isteach san abhainn, áit a raibh an tancaer i bhfostú ansin ar an ngrinneall.
Idir an dá linn, bhí daoine ón sráidbhaile in aice láimhe tagtha ar an láthair mar gheall ar an ola a bhí ar fáil saor in aisce sa tancaer a bhí ar éagumas san abhainn.
Is amhlaidh gur chuir an cornal ina luí ar na píolótaí neamhaird a dhéanamh den chleachtas coitianta agus gan eitilt thar an láthair roimh ré (gan buama a chaitheamh) chun rabhadh a thabhairt do na daoine.
Níor tugadh an rabhadh agus maraíodh 91 daoine dá bharr nuair a deineadh bombardú ar an tancaer. Ba pháistí iad formhór na n-íospartach cé gur maíodh ar dtús - mar is gnáth i gcásanna dá léithéid - gur Talabanaigh a bhí iontu.
Riachtanas mí-ámharach a bhí i gceist a dtiteann a leithéid amach le linn cogaidh, dar le go leor tráchtairí abhus a mbíodh a mhalairt de phort de shíor le cloisint sna blianta roimhe uatha sara ndeachaigh a ndream féin i mbun ghnó an mharaithe.
B'ábhar iontais dom riamh a fhusacht a athraíonn daoine a meonta. Sna hochtóidí nuair ba iad an tIRA, ETA srl. amháin a bhí ag marú, is amhlaidh nach raibh sé deacair do dhaoine glacadh leis an teagasc íonghlan. Ach nuair a théann a ndream féin ina mbun is amhlaidh gur rud éagsúil eile ar fad a bhíonn i gceist ansin agus nár chóir, dá bharr, dul thar fóir leis an móráltachas.
Ar aon nós, tá borradh an-mhór tagtha faoin méid a easpórtálann tionscail arm na Gearmáine ó thosaigh an Ghearmáin páirt a ghlacadh sa chogaíocht san Afganastáin.
De ghnáth, nuair a mharaítear sibhialtaigh neamhúrchóideacha mar thoradh ar ionsaí foréigin san Iarthar feictear ainmneacha agus grianghraif na n-íospartach sna nuachtáin agus sna meáin eile. Músclaíonn cinniúint na n-íospartach - go háirithe más páistí a bhíonn i gceist - fearg agus déistin nuair a chuirtear faoi bhráid an phobail í.
Oiread agus ainm nó grianghraf amháin ní raibh le feiscint sna príomhmheáin i gcás na bpáistí a maraíodh i gKunduz.
Nuair a chuirtear dhá slat tomhais an Iarthair taobh le taobh is deacair gan aithint gur bolscaireacht i dteannta le moráltacht shuibiachtúil áise a bhíonn i gceist nuair a dhéantar idirdhealú dá leithéid idir drochghníomhartha an namhad agus drochghníomhartha dá chuid féin.
Ar aon nós, chuaigh na healaíontóirí, a chuir an taispeántas "Kunduz, 4. September 2009" i láthair, go hAfganastáin, bhailigh siad grianghraif de na híospartaigh agus a ngaolta agus tharrtháil iad as an neamhainmníocht a raibh siad curtha i nglas inti ag drochchonsias lucht maoinithe an tsléachta.