Wednesday, February 23, 2011

léamh eile ar chúrsaí sa libia...



Bhíos i mBeirlín ar feadh dhá lá agus san eitleán inné tharraing alt sa Bherliner Zeitung mo aird inar cuireadh agallamh ar iriseoir atá sa Libia faoi láthair. Ní ligtear ach líon fíorbheag iriseoirí isteach sa tír. Ba é an rud ba shuntasaí a dúirt sí ná:


(Was wollen die Demonstranten?)


Jedenfalls keine Demokratie. Es geht um Machtverteilung, um alte Rechnungen, um Rache. Ich habe keine einzige Person getroffen, die von Demokratie redete. Was sollte auch besser werden, wenn sich die Wirtschaft für Ausländer öffnet? Die Privilegien, die Wohltaten der Subventionierungen sind sie dann los, die Frauen müssen Angst haben, dass es fundamentalistischer wird.



(Céard a theastaíonn ón lucht léirsithe?)

Ar aon chaoi ní hé an daonlathas (atá ag teastáil uathu.) Is é is cás leo ná dáileadh na cumhachta, seanscéalta a chúiteamh, díoltas. Níor bhuail mé le héinne a bhí ag labhairt faoin daonlathas. Cé hiad na nithe a bheadh ní b'fhearr, dá mbeadh an geilleagar inrochtana do eachtrannaigh? Na pribhléidí, dea-ghníomhartha chóras na bhfóirdheontas: bheadh deireadh leo go léir, (agus) ní mór imní a bheith ar na mná go n-éireodh sé ní ba bhunchreidmhigh.



Suimiúil...

10 comments:

  1. An-suimiúil. Go raibh maith agat as an mblúire sin. Is cosúil go bhfuil an Libia níos cosúla leis an tSomáil ná leis an Eigipt.

    ReplyDelete
  2. Ní raibh daonlathas riamh acu. Agus is cosúil go bhfuil córas na dtreabh fós láidir.

    Níl leithéidí Adenauer ag ceann ar bith de na tíortha seo. Is le fuil agus dua a saothraíodh an daonlathas san Iarthar, agus tá amhras orm gur féidir é thrasphlandáil gan dua na ndaoine áitiúla. Ní heol dom deachtóireacht ar bith a d'iompaigh ina dhaonlathas gan íobairtí, agus streachailt.

    Agus ní cabhair atá san ladar ó thar lear d'fhonn an daonlathas a neartú. Go háirithe agus an ladar sin smálaithe leis an bhfuil a sileadh faoin deachtóir.

    ReplyDelete
  3. "1968 produced little that was lasting"
    Bhain sé sin gáire asam.

    ReplyDelete
  4. Nach bhfuil sé fíor? Fir na linne sin i gcultacha liath buirgéiseacha anois!

    ReplyDelete
  5. "Nach bhfuil sé fíor?"
    Níl is dóigh; d'fhás modh nua caipitleachais as, ó na 70daí ar aghaidh. Thréig caipitlithe an modh céimlathach (Fordism) de tháirgeadh agus d'fhorbair siad modh bainistíochta nua a aithníonn neamhspleáchas agus tionscnamh an oibrí san ionadh oibre.
    Sa chaoi seo ghoid an caipitlí éadaí an t-sóisialaí; rinne forghabháil ar reitric na heite clé faoi féinbhainistíocht an lucht oibre.
    Ag teacht as ba é "sóisialachas" na linne a bhí céimlathach, maorlathach agus coimeádach.
    Chuir an caipitleachas nua seo é féin i láthair mar an réabhlóid liobraíoch a bhí ón lucht oibre ariamh.

    Maireann muid le tionchar '68 inniu. Sin an fáth gur bhain an maíomh nach mhair aon rud a chruthaigh 1968 gáire asam.

    ReplyDelete
  6. Cinnte: bíonn tionchar ag imeachtaí stairiúla i gcónaí. Ach níl aon cheann d'aidhmeanna lucht '68 curtha i gcrích: go deimhin, dhaingnigh siad an córas agus táid ag baint leas as. Murab ionann agus '89, a rinne claochlú ar an Eoraip.

    ReplyDelete
  7. Maidir le Libia, caithfidh mé a rá gur beag eolais atá agam faoin tír. Ach gan amhras tá tionchar ag an ráta dífhostaíochta atá ag rith ag tuairim is 30% ar an éirí amach? I bpáirt leis an spiorad réabhlóide atá faoi lánseol sa réigiún, agus an fhíric go bhfuil acmhainní na tíre príobháidithe ag comhlachtaí móra ilnáisiúnta ó na Stáit agus ón Eoraip?

    ReplyDelete
  8. "...agus an fhíric go bhfuil acmhainní na tíre príobháidithe ag comhlachtaí móra ilnáisiúnta ó na Stáit agus ón Eoraip?"

    Is amhlaidh go gcoinníonn an stát sa Libia sciar de 51% nuair a infheistíonn eachtrannaigh i gcuideachta mhór.

    Is cás faoi leith é an Libia. Ní fios dom chun an fhírinne a rá, ach b'fhéidir gurb é go bhfuil sé (go raibh sé) d'acmhainn ag an deachtóireacht an t-airgead a roinnt ar an bpobal de bharr ach dream beag a bheith i gceannas ar an stát. Murab ionann agus i ndaonlathas caipitlceach ina mbíonn dream níos mó ar bharr an bpirimid ag diúl isteach an t-airgead dóibh féin, rud a chiallaíonn nach mbíonn ach beagán fágtha don phobal.

    Dá mba Libiach thú agus dá mbeadh cúrsaí san Iarthar ar eolas agat, céard ab fhearr leat: easpa saoirse i dteannta le - abraimis mar seo é - cothrom na féinne i gcúrsaí airgid, nó saoirse pholaitiúil - cibé rud a chiallaíonn an téarma sin sa lá inniu - i dteannta le daoirse eacnamúil?

    ReplyDelete