Wednesday, February 16, 2011

sraith iáva le leopold godowsky...



Chuir mé sraith cheoil a chum Leoš Janáček don phianó in aithne le déanai.

Cúpla lá ó shin, d'aimsigh mé sraith cheoil eile don phianó a chuir an píosa le Janáček i gcuimhne dom.

Is leis an bPolannach Leopold Godowsky an ceann seo. Cé gur chumadóir a bhí ann freisin, ba mhó an clú a bhí ar Godowsky mar phianódóir. Ar ndóigh, bhí sé ar na cinn ab fhearr dá ré.

D'ainneoin na gcosúlachtaí atá idir "Ar Chosán Fásta" agus an "tSraith Iáva", murab ionann agus an píosa le Janáček níl crá croí le haireachtaint sa tSraith Iáva. Ba ar turas san Indinéis a bhí Godowsky nuair a chum sé an ceol siúd. In ionad na doimhneachta mothúcháin a bhfuil an cumadóir ag plé léí go tromchroíoch, nochtar meanma na fionnachtana, an fhiosracht in áiteanna coimhthíocha agus an gliondar san andúchas.

Tugtar faoi ndeara, mar shampla, an éagsúlacht idir mír a cúig den "Chosán Fásta" (Tá siad ag gliogairnéis ar nós fáinleog) agus mír a ceathar (IV) thíos, an mhír leis na moncaithe.

Glacaim leis nach dtagann fonn foinn ar dhuine láithreach nuair a chuirtear píosa ceoil chlasaicigh in aithne dó - mar is amhlaidh dom fhéín go minic. Ach, mar sin féin, is féidir síol a chur agus, cá bhfios, cuirtear an nod sa chartlann b'fhéidir agus filltear ar ais air chun tairbhe agus taitneamh a bhaint as lá éigin eile amach anseo.














2 comments:

  1. An pianódóir thú, Fergus?

    An ndearna The Chieftains albam riamh le ceolfhoireann gamelan? The Chieftains in Java?

    ReplyDelete
  2. Nílim, Dennis, faraoir géar!

    Bhí ceachtanna ar an bpianó agam nuair a bhíos óg ach ní rabhas ró-dhícheallach.

    Bhí The Chieftains sa tSín, nach ea?

    Ach le ceolfhoireann gamelan ó Iáva? Ní dóigh liom é. Ach ba shuimiúil an moladh é.

    ReplyDelete