Saturday, June 25, 2011

brí na h-athbhrí...

Nuair a bhí mé ag fás aníos ba dhrochrud dar leis na daoine fásta má bhain duine úsáid as an athbhrí ar eagla go mbeadh ciall ahem.. chollaí faoi cheilt ann, rud a bhíodh thar a bheith verboten ag an am sin.

Chuir blagmhír de chuid Áine a bhfuil abairt athbhríoch ina ábhar di abairt i gcuimhne dom a chruthaíonn go bhfuil gá le húsáid ceannlitreach don ainmfhocal sa Ghearmáinis chun athbhri a sheachaint: ich habe in berlin liebe genossen.

1. Ich habe in Berlin liebe Genossen.
2. Ich habe in Berlin Liebe genossen.

1. Tá comrádaí dil agam i mBeirlín.
2. Bhain mé sult as an ngrá i mBeirlín.


Chuir Aonghus an cheist: Und wenns alle Genossen waren, wer sind die Genießer gewesen?


(Tá baint ag an scéal seo leis an gcóras a bhíodh i bhfeidhm in oirthear na Gearmáine le linn ré an Chumannachais...)

Genossen agus Genießer

I saol na gCumannach, ní bhíodh ann ach comrádaithe. Bhíodh gach duine ina chomrádaí ag gach duine eile. "Genosse" an focal Gearmánach do "chomrádaí" agus "Genossen" an leagan iolra de (a fhad agus a bhíodh gá leis an leagan iolra). Anois, is é "genossen" le "g" beag an aidiacht bhriathartha den bhriathar "genießen" = "sult a bhaint as".

Dá bhrí sin, bhíodh baol na h-athbhrí ann pé uair a dheireadh duine an focal "genossen/Genossen" - sa chás i gceist níor mhair baol na h-athbhrí rófhada, áfach.

Ar aon nós, bhíodh comrádaithe ann agus bhí siadsan ní ba chomrádúla ná na comrádaithe eile, an dtuigeann sibh. (Bhuel, bíonn an rud céanna le sonrú pé córas a bhíonn i réim, d'fhéadfá a rá.) Ba é an sprioc fhoirfe a bhí curtha os a gcomhair ag na comrádaithe ba chomrádúla ná an Cumannachas a bhaint amach. Do chách. Ní raibh sa Sóisialachas ach tréimhse neamhfhoirfe eatramhach (amhail an Purgadóir) ar ghá don phobal dul tríthí, faraor. Ach a luaithe a bheadh ceann scríbe na foirfeachta siúd, an Cumannachas, bainte amach bheadh gach duine in inmhe agus in acmhainn ní amháin a bheith ina "Genosse" ach a bheith ina "Genießer" freisin.

Idir an dá linn, áfach, ar eagla go rachadh sé i ndíchuimhne go h-iomlan conas a bheith ina "Genießer", chuir na comrádaithe ba chomradúla iad féin ar fáil (go rúnda, fiú) chun an ealaíon seo a choinneáil beo. Ba olc an mhaise do dhuine a rá nach comhtharlúint ghlan a bhí i gceist gurbh iadsan an lucht céanna a bhí i gceannas na tíre. Agus cé gur theip ar an gcóras cumannach scun scan i ndeireadh an lae, ní féidir dúthracht na gceannairí a cháineadh sa chás seo mar ní mór a admháil go raibh siad de shíor toilteanach gan aon só a cheilt orthu féín.


Ar aon nós, ag deireadh an lae, agus an tSóisialachais, bhí "Genossen" ann a bhí ina "Genießer" chomh maith agus bhí "Genossen" ann nach raibh ach ina "Genossen".


(Tá saintéarma eile Gearmánach a mbaintear úsáid as i saol na polaitíochta srl. nach féidir Gaelainn a chur air.)

Spießbürger

Ar aon nós, is téarma tarcaisneach é: "Kampfbegriff", nó ainmniú a chuirtear ar an nduine nó an ndream a bhfuil tú ina gcoinne. Ní chloisfeá aon duine ag maíomh gur "Spießbürger" é féín!

Go traidisiúnta, ba dhuine é a ghlac leis an gcóras, leis an status quo, agus a chosain é in éadan na "reibiliúnach", na "bhfealltóirí", na gcumannach srl. Ba dhual dó a bheith ag umhlú don dhream in uachtar agus dá thoil siúd, agus ag caitheamh anuas ar an ndream a shamhlaigh sé a bheith laistíos de an an ndréimire. Thapódh sé gach deis gan mórán scrupaill ar choinníoll nach gcuirfeadh sé olc ar an mbunaíocht (ach, os a choinne sin, ní sciobfadh sé do sparán.) Bhí dearcadh srianta aige de ghnáth agus ní éistfeadh sé le haon chaint nó ní thaobhfadh sé le haon duine a bheadh easumhal don chóras nó don dhream in uachtar.

Tar éis ré fada na "Cumhachta Blátha" tá na Spießbürger óga den sheanchineál tagtha in uachtar arís agus lucht na "Cumhachta Blátha" ag teitheadh leo agus ag brostú leo ar scor chomh luath agus is féidir.

De ghnáth, úsáidtear an leagan gairid de sa lá inniu: "Spießer".

Ar uaire, cuirtear "Neospießer" ar an lucht atá fós sáite i smaointeoireacht ré na "Cumhachta Blátha".

Ba bheag an deis a tugadh don Ghael a bheith ina "Spießbürger" ón séú céad déag anall agus, ar an ábhar sin, ní dóigh liom go bhfuil an focal cuí sa Ghaelainn.

Thursday, June 23, 2011

cé a scaoilfidh rún an bhonnáin?...

 

Léigh mé Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird ar na mallaibh agus caithfidh mé a rá gur bhain mé idir shult agus shásamh as. Is beag go leor an luach saothair, déarfainn, a fhaigheann scríbhneoir Gaelainne taobh amuigh de mhacalla an lucht léitheoireachta agus, dá bhrí sin, bíonn sé tábhachtach go mbíonn an macalla sin le brath aige, agus é thar a bheith tuillte sa chás seo.

Ní scaoiltear rún an bhonnáin féin roimh dheireadh an leabhair, faoi mar is cuí, ach is é an rún a scaoileann stíl mhín, nádúrtha an phróis i dtús báire ná gurbh é fear Gaeltachta le féith na scéalaochta aige a bhí i mbun pinn sa saothar seo. Agus is saothar atá ann, gan agó, a bhfuil téagar leis. An té a raibh riamh de dhásacht aige peann a bheartú ar ríocht na litríochta, bheadh sé in acmhainn a shamhlú an infheistíocht ama agus allais a bhí de dhíth chun leabhar de bhreis agus dhá chéad leathanach dá leithéid de chaighdeán ard a chur i gcrích.

Tá castacht an-sásúil ag an bplota agus an gcarachtracht araon, le cora go leor gan choinne. Tá sonraí stairiúla Gaelacha fite go cliste sa phlota, rud a thaitníonn go mór liom de bharr na tairbhe breise atá le baint as i dtaobh gnéithe dár stair a bhfuil pobal na tíre dall orthu de ghnáth.

Léigí!

(Tá gluais don leabhar ar fáil ar shuiomh de chuid an ChlubLeabhair.)

Sunday, June 12, 2011

Éanna i ndiaidh na Féinne...


Cuireadh Saltair an Fheadáin Mhóir ar taispeáint don chéad uair san Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Is féidir leis an bpobal breathnú ar an ornáideachas agus an maisiúchán ar an taobh amuigh.

Rud nach bhfuil ar eolas go forleathan, áfach, ná go bhfuarthas an íomha thuas ar imeall ceann de na leathanaigh faoi nóta imill. "Sé bliana nó trí scór, a bheag nó a mhór", nó rud éigin mar sin a bhí breactha síos ag an bpeannaire.

Mar is eol dúinn ó fhoinsí údarásacha, ba nós le lucht peannaireachta sa Mheánaois íomhánna le míniúcháin éagsúla a tharraingt ar imeall an pháir.

Ar aon nós, den dá rúndiamhair a bhfuil an stát ag plé leo faoi láthair, is cosúil go bhfuil ceann amháin díobh ar tí soiléiriú. Baineann an ceann sin le hóigeantacht an Taoisigh.

Is léir anois nach bhfuil an scéal faoi Oisín agus an moghlaeir, agus é ag titm go talamh (agus go tobann san aois) ón gcapall chun é a thógáil, fíor ar chor ar bith. Bolscaireacht ghlan de chuid Fhianna Fáil ó thús deireadh an tuairim atá ag na saineolaithe ina thaobh ó tháinig íomhá na saltrach chun solais. Agus is cosúil nach raibh i bPádraig ach ball den chomhairle dáilcheantar áitiúil (go díreach óna Coptaigh a tháinig an Chríostaíocht go hÉireann de réir fianaisí a fuarthas sa tsaltair).

Ní Oisín ainm an té a d'fhill ó Thír na nÓg ach... Éanna!

An dtuigeann sibh?

Dála an scéil, an bhfuil a fhios agaibh go mbíonn duine fásta i gcónaí i dteannta leis an Taoiseach ó tharla an eachtra ar Shráid Chill Dara dhá mhí ó shin? Cén eachtra? a chloisim sibh ag rá. Cén eachtra? Nuair a sháigh Garda a chloigeann isteach trí fhuinneog oscailte an chairr, a aird dírithe ar an duine sa chúl. "Ag an am seo den lá, a thiománaí," a d'fhiafraigh sé go borb den tiománaí, "nár chóir don leaid óg a bheith ar scoil?"

Tá tuairim is míle billiúnaí ar mairthean sa domhain. Dá ndíolfadh Éanna rún a óigeantachta le gach duine acu ar bhilliún an duine bheadh an rúndiamhar eile a bhfuil an stát ag plé léí fuascailte chomh maith.

Saturday, June 11, 2011

"boodeyman" abú!...

Tharraing an litir seo san IT inniu m'aird. Cuireann sé ionadh ar údar na litreach gur chuir Miriam Lord "sic" le "boodeyman" san alt a scríobh sí san IT an tseachtain seo caite. An Luimníoch, Micheál Ó Nuanáin, a d'úsáid an focal "boodeyman" sa Dáil. Cé gur béarlagair an focal céanna agus go leor leaganacha de in úsáid, dar le Miriam gur ghá an bhfocailín "sic"a chuir ar lorg an leagain Mhuimhnigh de!

A leithéid de shotal!

An é go bhfuil feachtas impiriúlachas an bhéarlagair ar bun aici, nó acu? Cé go gcaithfimidne béarlagair an dreama eile a úsáid, tugann siad droim láimhe dár mbéarlagair-ne. Greamaíonn "sic" de go fiú?

Bhuel, ní dócha go mbeidh an Nuanánach, frapa ceann teannta cróga na hÉireann i gcúrsaí airgeadais, faoi shotal ag lucht an "bogeyman". Yahúúúú!

Wednesday, June 1, 2011

finscéal na Róimhe...

Sa bhliain 1980 agus mé fós i mo mhac léinn ollscoile i gCorcaigh, chaith me trí mhí le linn an tsamhraidh sa Ghearmáin ag obair i monarcha carr. Nuair a bhí na trí mhí curtha díom agus roinnt mhaith airgid gnóthaithe agam, chuaigh mé ar camchuairt ar fud iarthar na hEorpa ar feadh míosa iomláine. Bhí cárta “Idirráille” agam agus tar éis dom cuairt a thabhairt ar an gCurtaín Iarainn ó thuaidh san Fhionnlann bhí mé, dhá sheachtain dár gcionn, sa Chathair Shíoraí.

Bhí sé ina thráthnóna nuair a shroich an traein an Róimh agus ós rud é nach raibh leaba saor ar fáil i mbrú na hóige ag am sin den lá seoladh chuig saghas brú tánaistigh gach duine nach bhfuair lóistin na hoíche san ionad oifigiúil féin. Seanfhoirgneamh ón naoú haois déag a bhí ann agus san “óstán” sin chaith mé trí oíche i seomra mór a raibh dhá leaba bhuinc, leaba dúbailte agus cithfholcadh sa chúinne ann. Bhí idir fhir agus mhná sa seomra agus bhí beirt bhan ó Shasana ag roinnt na leapa dúbailte le chéile. (Tá a fhios agam ón méid atá inste agam go gcaithfí maitheamh d'aon duine a bheadh ag súil le scéal "dána" ón bpointe seo amach ach ní sin is cás liom anseo, nó, dá mb'amhlaidh a bheadh sé, ní thiocfadh a leithéid roimh dheireadh an scéil, nó roimh dheireadh an scéil a leanfadh é.)

Ar cheann de na laethanta thug an bheirt bhan cuairt ar an zú i dteannta liom féin. D'fhéadfá a rá nach dtéann an gnathdhuine chuig an Róimh don chéad uair chun cuairt a thabhairt ar an zú, ach ar aon nós...

Ní ba dhéanaí sa tráthnóna bhíomar fillte ar an seomra suimiúil san óstan nuair a tháinig duine de na haoíonna eile isteach sa seomra. Fear ón Afraic a bhí ann. Agus bhí a chuid éadaí lán d'fhuil

“Cad a tharla duit?” a d'fhiafraigh duine de na mná.

Bhuel, b'fhéidir gur chomhtharlúint a bhí i gceist ach bhí an fear siúd sa zú an lá sin chomh maith. Agus é ag siú thart ag féachaint ar na hainmhithe chuir bean forrán air. Iodálach mná a bhí ann agus bhí tréimhse mhaith caite aici ina cónaí sa Afraic, suim aici san Afraic dá bharr agus mar sin de. Nuair a shroich siad cás an tíogair, dhein siad sos beag. Gan choinne leis, chuir an bhean a lámh isteach sa chás. Agus, ní ba sciobtha ná a bheadh duine ag súil leis, léim an tíogar anall chuici agus i bhfaiteadh súl bhí a géag bainte di go gualainn. Ghlaoigh an fear ar chabhair agus tugadh chun an ospideil í. Mhair sí beo, ach bhí a lámh caillte aici.

Nuair a d'fhág mé slán leis na Sasanaigh ar an maidin dár gcionn agus mé ag taisteal ó thuaidh, thug mé mo bhreith ar a raibh inste ag an bhfear: bá dhóichí nach raibh sé fíor, níorbh féidir go raibh sé inchreidte. Finscéal!

Thaistil mé ar an traein go dtí an Eilvéis. Ar an tslí, bhí orm stad de chúpla uair a chloig a chur isteach i nGenoa. Bhí Liam Ó Brádaigh ag imirt ar son fhoireann Juventus san Iodáil ag am am agus cheannaigh mé nuachtán sa stáisiún dá bharr. Ní raibh aon Iodáilís agam ag an am ach bheinn in ann an t-ainm a chuardach ar na leathaigh spóirt agus mé ag fanacht ar an traein, cheap mé. (Ní raibh mórán eile le déanamh, a chairde óga an idirlín dhomhanda, ag an am sin agus tú ag feitheamh ar thraein i stáisíun san Iodáil, nó in aon tír eile.)

Corriere della Sera an nuachtán, más buan mo chuimhne.

Ar aon chaoi, chun scéal fada a dhéanamh gearr, tharraing grianghraf ar an leathanach tosaigh m'aird. Grianghraf de bhean a bhí ann agus bhí dreach aisteach uirthi. Ina luí ar shínteán a bhí sí. Tháínig Laidin agus Fraincís na scoile i gcabhair orm sa deireadh agus d'éirigh liom an scéal a dhéanamh amach. Ainm na mná boichte, ainm fir (ainm a raibh cruth Afraiceach air, cinnte), an zú sa Róimh, an gortú, a géag bainte den bhean ag an tíogar...

Baineadh siar asam.

Ar uairibh, bíonn baol ann, faraor, go bhfíoraíonn finscéal.