Thursday, June 23, 2011

cé a scaoilfidh rún an bhonnáin?...

 

Léigh mé Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird ar na mallaibh agus caithfidh mé a rá gur bhain mé idir shult agus shásamh as. Is beag go leor an luach saothair, déarfainn, a fhaigheann scríbhneoir Gaelainne taobh amuigh de mhacalla an lucht léitheoireachta agus, dá bhrí sin, bíonn sé tábhachtach go mbíonn an macalla sin le brath aige, agus é thar a bheith tuillte sa chás seo.

Ní scaoiltear rún an bhonnáin féin roimh dheireadh an leabhair, faoi mar is cuí, ach is é an rún a scaoileann stíl mhín, nádúrtha an phróis i dtús báire ná gurbh é fear Gaeltachta le féith na scéalaochta aige a bhí i mbun pinn sa saothar seo. Agus is saothar atá ann, gan agó, a bhfuil téagar leis. An té a raibh riamh de dhásacht aige peann a bheartú ar ríocht na litríochta, bheadh sé in acmhainn a shamhlú an infheistíocht ama agus allais a bhí de dhíth chun leabhar de bhreis agus dhá chéad leathanach dá leithéid de chaighdeán ard a chur i gcrích.

Tá castacht an-sásúil ag an bplota agus an gcarachtracht araon, le cora go leor gan choinne. Tá sonraí stairiúla Gaelacha fite go cliste sa phlota, rud a thaitníonn go mór liom de bharr na tairbhe breise atá le baint as i dtaobh gnéithe dár stair a bhfuil pobal na tíre dall orthu de ghnáth.

Léigí!

(Tá gluais don leabhar ar fáil ar shuiomh de chuid an ChlubLeabhair.)

5 comments:

  1. I gceist agam sin a dhéanamh. Súil agam é bheith romham ar mo bhreithlá!

    ReplyDelete
  2. Bhain mise an-sult as freisin! Da Vinci Code na Gaeilge atá againn anseo.

    ReplyDelete
  3. @ Aonghus

    Bain sult as.

    @ Dennis

    B'shin an smaoineamh a rith liomsa freisin. Léigh mé an Da Vinci Code nuair a tháinig sé amach agus bhain mé an-taitneamh as. Ceart go leor, is minic an leabhar céanna a bheith cáinte ag daoine ach cheap me go raibh Dan Brown an-chliste agus na faisnéisí stairiúla fite isteach sa phlota aige sa chaoi ar dhein sé é. Ní bhíonn snáithe amháin ach dhá cheann do do tharraingt ar aghaidh an t-am go léir. Is seift thorthúil í.

    ReplyDelete
  4. @ I gceist agam sin a dhéanamh.

    An pléisiúr céanna romham féin, ach an leabhar a cheannacht, ceann de na laethanta seo.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat as d'fhocail chaoine, a Ormondo. Is maith liom gur thaitin sé leat. Bhí spraoi agam agus mé á scríobh, cé go raibh mé faoi bhrú mór ó na foilsitheoirí an samhradh seo chuaigh thart é a fháil críochnaithe.
    Corruair, ba mhaith liom dul siar air agus cúpla rud beag a athrú, rudaí a thit 'fríd an eangach' de bharr deifre, ach is dócha go seasann sé maith go leor mar atá!
    Arís, go raibh maith agat!

    ReplyDelete