Friday, December 3, 2010

nath don nollaig III...



Um einen Gauner zu erkennen, braucht es anderthalb Gauner.


Per conoscere un furbo ci vuole un furbo e mezzo.


Bíonn gá le cladhaire go leith chun cladhaire amháin a aithint.



4 comments:

  1. N'fheadar.

    Níl sé chomh deacair san cladhaire a aithint, sílim; cé dar ndóigh gur túisce a aithníonn cladhaire cladhaire eile....

    ReplyDelete
  2. @ 'gur túisce a aithníonn cladhaire cladhaire eile....'

    B'fhéidir é!

    Meas tú an rud nádúrtha é saint, nó an galar é, nó an rud é a chothaítear i gcré an chonáigh?

    ReplyDelete
  3. "...nó an rud é a chothaítear i gcré an chonáigh?"

    I gcré an chonáigh a chothaítear í ar aon chaoi mar bíonn lucht an rachmais santach de ghnáth cé nach n-aithnítear an tsaínt uaireanta ar an té a bhfuil a charn bainte amach aige nó ag a sinsir cheana féin agus iad ar foluain go maorga lastuas de, gan gá dóibh feasta gníomhartha santacha feiceálacha a chur i crích.

    Músclaíonn an tsaint sa ghnáthduine nuair a fhaigheann sé blaiseadh den rachmas i dteannta leis an ndeis chun é a mhéadú dó féin.

    Tá daoine ann, áfach, a bhfuil a saibhreas, nó cuid mhór de, tuillte acu agus nílim in éad leo ar chor ar bith.

    Is í an tsaint a bhfuilim ina coinne ná an tsaint a thiomáineann an duine santach an tsochaí a lot chun saibhreas neamhthuillte a bhaint amach dó féin.

    ReplyDelete
  4. @ 'Is í an tsaint a bhfuilim ina coinne ná an tsaint a thiomáineann an duine santach an tsochaí a lot chun saibhreas neamhthuillte a bhaint amach dó féin.'

    Faraor, ach tá a leithéid ann!

    ReplyDelete