Saturday, December 4, 2010

nath don nollaig IV...


Denken ist eine Anstrengung. Glauben ein Komfort.

Herbert Marcuse (1898-1979), fealsamh, polaiteolaí agus socheolaí Gearmánach. 


Is leis an smaointeoireacht an stró. Is leis an gcreidiúint an só.


Ba fhealsamh Gearmánach Herbert Marcuse a bhí ina laoch tráth den saol ag na mic léinn réabhlóideacha sna hollscoileanna i SAM agus sa Ghearmáin araon le linn ré ghluaiseacht na mac léinn siar sna seascaidí. Fealsamh na heite clé a bhí ann a luaití le dream na Frankfurter Schule, ar ghrúpa fealsúna iad a chruthaigh an Kritische Theorie nó an Teoiric Chriticiúil. Ba é sprioc na Teoirice Criticiúla ná teoiric faoin tsochaí a bhí bunaithe ar theagasc Karl Marx a fhorbairt ach ar chaoi a bpléifí go criticiúil leis an teagasc sin murab ionann agus a dhéanadh na deachtóireachta cumannacha a bhí i réim in oirthear na hEorpa ag an am. D'úsáideadh eilimintí ó Hegel agus Freud freisin.

I ndeireadh an lae chuir cuid de na fealsúna ba cháiliúla díomá ar na mic léinn ba réabhlóidí agus cuireadh i leith na bhfealsúna, fiú, gur theitheadar agus gur fhilleadar ar an túr eabhair a luaithe a tháinig an crú ar an tairne.

Dá mhéid an stró a ghabhann leis an smaointeoireacht is mó fós an dua a ghabhann leis an réaltacht. (Ní ó Marcuse an ceann seo, áfach.)


4 comments:

  1. Stró is ea machnamh. Só is ea Creideamh.

    Sin an Ghaeilge a chuirfinn ar an nath thuas (nach n-aontaím leis, dála an scéal! Ní hionann Creideamh agus easpa machnamh.

    Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith. Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán; feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é. Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.
    (Séa 1:22-25)



    )

    ReplyDelete
  2. "Stró is ea machnamh. Só is ea Creideamh."

    Is fearr liom an leagan sin agat. Bhí machnamh/creideamh agam féin ar dtús.

    Táthar ann, gan amhras, a mheasfadh gurbh aisteach an ráiteas sin ó dhuine a bhíodh féin ag saothrú i réimse na meitifisice, réimse nach gcuireann míchaoithiúlachtaí na réaltachta mórán srianta ar shaoirse na smaointe inti?

    ReplyDelete
  3. N'fheadar an bhfuil an tuiscint céanna againn ar meitifisic, i. an fhírinne taobh thiar den rud ar féidir linn brath leis na céadfaí.

    Ní féidir le haon rud a thagann ón meitifisic an fisic a bhréagnú, ach is féidir leis dul níos doimhne.

    (Nílim dála an scéil cinnte an Séamas Aspal nó Marcuse a bhí i gceist agat)

    ReplyDelete
  4. Marcuse a bhí i gceist agam!

    Is amhlaidh gurbh é gur threabhaigh an mheitifisic riamh na goirt nach raibh an fhisic fós i réim iontu.

    ReplyDelete