Thursday, December 9, 2010

nath don nollaig IX...


Eine Hand wäscht die andere, und alle beide waschen das Gesicht.


Una mano lava l'altra, e tutte e due lavano il viso.


Níonn lámh lámh eile agus níonn an dá le chéile an aghaidh.


Treorú sláinteachais? Nó céard atá ann?

Is ar éigean atá an chaimiléireacht inseachanta gach uile uair a thagann soláthar mór airgid le chéile le maoirseacht ar a dháileadh. Agus más ea gur inseachanta í, nár chóir í a bheith, ar a laghad, sofaisticiúil?

Amhail mar a dhéantar í i go leor tíortha an Iarthair, mar shampla.

Mar atá: Scair mhaith den uachtar ar bharr an chíste a sciobadh ach gan an císte a scrios sa phróiseas.

Is léir gur scriosadh an císte i gcás tíre ar eol dúinn.

3 comments:

  1. Meas tú an bhfuil treoir dúinn sa seanfhocal Sean-Ghaeilge seo?

    Ní·fognai lám láim.

    Níl lámh amháin níos fearr ná an lámh eile. Tig leo obair a dhéanamh dá chéile ar bhonn cothrom. Ach níl siad ar aon bhonn leis an gceann, atá níos tábhachtaí ná iad, agus ní mór dóibh beirt obair a dhéanamh dó.

    ReplyDelete
  2. An tuiscint a bhí riamh agam ar Eine Hand wäscht die andere ná an rud a chuirtear síos ar ag lucht a bhéarla mar "you scratch may back, I'll scratch yours": Bhí an oiread de sin ar bun abhus go bhfuilimid anois ag scríobadh bun an phota agus gan faic againn dá bharr.

    ReplyDelete
  3. Is cinnte go bhfuil níos mó ná léamh amháin ar an nath seo.

    @ Dennis

    GRMA as an seanfhocal a chur ar m'eolas. "Ní fhónann lámh lámh." i nGaelainn an lae inniu, ceapaim. Don chuid is mó tá an léamh dearfa agat. I bpoblacht d'fhágfaí an chuid leis an aghaidh ar lár, áfach! Ní leor cothromas idir dhaoine más cothromas idir ghéillsinigh atá i gceist - agus gach duine acu faoi shotal rí.

    In Éirinn is í aghaidh an IMF is mó a nífear as seo amach.


    @ Aonghus

    Sin an léamh a bhí agamsa air freisin.

    ReplyDelete