Monday, December 6, 2010

nath don nollaig VI...


Es gibt nichts Gutes, außer man tut es.
Erich Kästner (1899-1974), scríbhneoir Gearmánach


Ní ann don mhaith mura gcuirtear i gcrích é.

Nó leagan eile a mhol Aonghus i nDaltaí tráth.

Ní ann don mhaith nach ndéantar.


Nó más gontacht an fhriotail is mó is cás leat, b'fhéidir go mbainfeá  triail as an gceann seo:

Ní maith go gníomh.

Níorbh é gur theachtaireacht nua a bhí ag Kästner anseo ach chuir cur i láthair na seanteachtaireachta mar leathrann a raibh faobhar rithimiúil na fírinne leis brí nua inti. 

Ar feadh tamaill, ar aon nós. Chloistí an nath uaireanta nuair a n-éireódh an chaint ró-bhogásach.

Nach comhairle fhiúntach a bheadh inti do rialtas nua na hÉireann?

3 comments:

  1. Agus ní dóibh siúd amháin.

    Tá a Bhosca leigheas fileata agam sa bhaile; tá oidis sa bhreis ar an gceann thuas ann.

    Fear grinn, greannmhar, stuama. Cén ionadh gur dódh a leabhra i 1933.

    ReplyDelete
  2. Níos fearr: Cófra cógas fileata an Dochtúra Kästner.

    ReplyDelete
  3. Ar aon nós, tá sé agam fhéinig agus tá cógais iontacha ann!

    ReplyDelete