Tuesday, December 7, 2010

nath don nollaig VII...



Gelegenheit macht Diebe.

L'occasione fa l'uomo ladro.

Cruthaíonn faill gadaí.



Fírinne ghéar, a bhfuil cur amach ag na Gaeil uirthi faoi láthair...



Ach,  go ginereálta, an é gurb iad na dálaí a dhéanann an duine nó a mhalairt...?

Mar shampla, déarfadh na buachaillí móra dána fadó, "bhí sí do mo mhealladh! / bhí sí do mo threorú!"

Cad a bhíodh i gceist ansin, de ghnáth, i seansaol naofa na tíre?

Agus tá an leagan údarásach de soláthairthe ag Aonghus!

Faill a níos feall.




6 comments:

  1. Ní gan chúis a bhíodh na sagairt fadó ag caint ar "ócáidí peaca".

    Bíonn an síol sa ghadaí, ach mura bhfaigheann sé an fhaill, ní bhláthódh sé.

    Faill a níos fill!

    ReplyDelete
  2. Is dócha mar sin gur "Faill a níos feall" ba cheart dom scríobh.

    ReplyDelete
  3. Sin é go díreach! Tá dul maith na Gaelainne ann.

    Dála an scéil, dob í an chúis nárbh "fhoilsigh" mé an ceann eile uait ("Stró is ea machnamh. Só is ea Creideamh."), dá fheabhas é, ná gur shíl mé nach mbeadh tú ró-shásta bheith id údar aitheanta air. ;-)

    ReplyDelete
  4. Ní ionann údar agus aistritheoir!

    ReplyDelete
  5. Faigh youtube de Flip Wilson mar Geraldine. "The Devil made me do it, honey!"

    ReplyDelete