Thursday, December 9, 2010

nath don nollaig VIII...



Das Glück ist der Vormund der Dummen.


Is é an sonas coimirceoir na ndalldramán.


Ceann ón Danmhairg atá againn inniu. (Nó ba chóir gur i gcomhair inné a bheadh sé ach dhein mé botún leis na roghanna poist.)

Níl mé ró-chinnte faoi: an smior na fírinne atá i gceist nó soiniciúlacht?


(Idirshos)

Is amhlaidh gurb é an t-ádh atá i gceist anseo.

Agus sholáthair Aonghus an leagan Gaelainne de nath an áidh agus na mbaoth.

'Sé an t-ádh caomhnóir na mbaoth.


Ar chaoi éigin tá faoiseamh orm nach ann do nath chomh soiniciúil le "is é an sonas coimirceoir na mbaoth", ach ar chaoi eile tá beagáinín díomá orm mar cheapas go raibh nath faoi leith aimsithe agam ó thaobh an tseirfin de agus ba mhian liom a fháil amach cén sórt céille ceannaithe i saol na Danmhairge a bhí taobh thiar de.

5 comments:

  1. N'fheadar.

    Sílim gur ádh seachas sonas atá i gceist pé scéal é.

    'Sé an t-ádh caomhnóir na mbaoth

    ReplyDelete
  2. Ar nós "Der dümmste Bauer erntet die dicksten Kartoffeln." (Baineann an feirmeoir is dallinteannaí na prátaí is mó)..?

    Bhí mé chomh cinnte faoin léamh a rith liom ar dtús, nár phléigh mé leis an mbrí eile a bhíonn le "Glück" ar chor ar bith.

    Níl mé ró-chinnte anois...

    ReplyDelete
  3. Sin é.

    An bhfuil an dé-bhrí céanna sa Danmhairgis? Is dócha go bhfuil.

    ReplyDelete
  4. Níor aimsigh mé leagan Danmhargach de ach sa Laidin deirtear "Fortunna favet fatuis."

    An t-ádh, mar sin.

    ReplyDelete
  5. Tá tré deas i bhFraincis ar an ábhar seo:

    Fortune aide à trois sortes de personnes: aux fous, aux enfants, et aux ivrognes.

    (.i. amadáin, páistí, agus meisceoirí)

    ReplyDelete