Friday, December 10, 2010

nath don nollaig X...


Der, der sich im Spiel einmischt, muss das Spiel auch vertragen.


Den som ger sig i leken, får leken tåla.


Má ghlactar páirt i gcluiche, ní mór é a sheasamh.


Faoi mar a fheictear dom, tagann an nath thuas ón tSualainn go cruinn le dearcadh na ndaoine sna tíortha eile faoi chruachás na hÉireann i láthair na huaire.

Más teachtaireacht ghéar an méid sin do Ghaelaibh, is stuama an teachtaireacht í freisin.

Beidh le foghlaim aisti.

5 comments:

  1. einmischen níos láidre na páirt a ghlacadh: ciallaíonn sé do ladar a chuir i ngnó.

    An té a chuireann a ladar sa gcluiche, ní mór dó bheith in ann aige.

    (Comhairle stuama).

    ReplyDelete
  2. Ach féach gurbh a mhalairt de seanfhocal atá abhus pé scéal é:

    Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha

    ReplyDelete
  3. Níor ghlac muintir na hÉireann páirt i gcluiche ar bith, ghlac bainc na Gearmáine is Cairde fianna fáil páirt ann agus níleamar sásta íocadh do cheachtar acu

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus

    Is dóigh liom go mbeadh "teilnehmen" níos fearr ná "einmischen" mar aistriúchán air.

    Focal ar fhocal ceapaim gur mar seo a d'aistreófaí é: Wer sich ins Spiel begibt, muss das Spiel dulden.

    "Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha."

    Nach bhfuil brí iorónach dó sin? Ní don bhuaiteoir is gá na leithscéalta fánacha a insint.

    @ Néidí

    Ghlac go leor páirt ann. Agus caithfidh na daoine nár ghlac páirt ann íoc as. Sin an fhadhb agus an éagóir.

    Ach cén chaoi ar féidir bac a chur air sin amach anseo?

    ReplyDelete