Saturday, December 11, 2010

nath don nollaig XI...







Einem nackten Mann kann man nicht in die Tasche greifen.


Ní féidir airgead a bhaint den té gan phingin. 

Ní thig do lámh a chuir i bpóca an nochtáin.
(Aonghus)

Is ón nGearmáin an ceann seo.

Faoi mar is eol dúinn, níl sé fíor i ngach cás.

Ach conradh glic a bheith i do sheilbh agat, déanfaidh asarlaithe an dlí airgead neamhthuillte as faic duit.

4 comments:

  1. An bhfuil aon rud cosúil le “ní féidir fuil a bhaint as tornapa” ag na Gearmánaigh?

    ReplyDelete
  2. B'fhearr liom tiontú níos dílse:

    Ní thig do lámh a chuir i bpóca an nochtáin.

    Ach mar a deireadh comhghleacaí liom go minic:
    Jedes mal wenn ich meine Brieftasche aufmache, was die Öffentliche Hand bereits drin.

    Gach uair a osclaím mo sparán feicim go raibh an Lámh Poiblí (i. an Stát) ann cheana.

    ReplyDelete
  3. @ Dennis

    Deirtear: Man kann es sich nicht aus den Rippen schneiden. Is é an bhrí leis ná nach féidir le duine rud nach bhfuil aige a ghearradh amach as a easnacha.

    @ Aonghus

    Is fearr liom an tiontú dílis freisin.

    ReplyDelete
  4. @ 'Ní thig do lámh a chuir i bpóca an nochtáin.'

    Go deas...:-)

    ReplyDelete