Monday, December 13, 2010

nath don nollaig XIII...


Ein treibendes Moment in der Geschichte des Zivilisationsprozesses war schon immer dasjenige der Aneignung des Physischen mittels des Metaphysischen.


Ba fhórsa tiomána i stair phróiseas na sibhialtachta riamh é sealbhú an ní fhisiciúil trí bhíthin an ní mhetafhisiciúil.


Nó an bhféadfaí na haidiachtaí a úsáid mar ainmfhocail chun an leagan Gaelach a chomhdhlúthú?


Ba fhórsa tiomána i stair phróiseas na sibhialtachta riamh é sealbhú an fhisiciúil trí bhíthin an mhetafhisiciúil.



Hmmmm...  ach cá bhfaca mé an ceann seo?

Os cionn doirse institiúide éigin eolaíochta?

Ar nóta bainc?

Nó an raibh sé greanta ar fhoirgneamh na Banca Vaticana féin?

2 comments:

  1. Tuigim na focail ach ní thuigim an smaoineamh taobh thiar díobh!

    ReplyDelete
  2. Hmmm... nach bhfuil sé soiléir go leor?

    Is ormsa atá an milleán.

    Trí shaothar inchinne agus ní trí sclábhaíocht a shealbhigh an lucht cliste (a raibh saothraithe ag an lucht eile).

    ReplyDelete