Tuesday, December 14, 2010

nath don nollaig XIV...


Einmal geschrieben ist so gut wie zehnmal gelesen.


Is ionann scríofa uair amháin agus léite faoi dheich.



Is nath eile ón nDanmhairg an ceann seo.

Comhairle mhaith don dalta agus don mhac léinn, gan aon agó.


Má scríobhtar blagmhír, an ionann sin agus í a bheith léite agat faoi dheich?



2 comments:

  1. Ó thaobh an t-ábhar a shealbhú, is a fhoghlaim, tá.

    Bheadh casadh eile sa Ghaeilge agamsa:

    Is fearrde duit a scríobh uair amháin, ná a léamh deich n-uaire.

    Láidriú ar an gcomhairle atá ansin, gan amhras.

    ReplyDelete
  2. Is cinnte go bhféadfá a bheith níos soiléire i do thuairimí nuair a bhreacann tú síos iad. Fanann siad san intinn níos faide go deimhin. Bíonn an intinn ag cur is ag cúiteamh léi féin gan fhios duit.

    ReplyDelete