Sunday, December 19, 2010

nath don nollaig XIX...


Det som göms i snö kommer upp i tö.


An rud a bhíonn i bhfolach sa sneachta tagann sé chun solais sa choscairt.


Is ceann ón tSualainn an nath thuas.


I bhfianaise a bhfuil ag teacht chun solais le tamall fada anuas is léir gur gheimhreadh fada sneachtúil a bhí i go leor áiteanna agus eagraíochtaí.


Thug mé sracfhéachaint ar chúpla nuachtán Domhnaigh inniu - is fuath liom iad de ghnáth - agus tá siad lán de scannal, mar is gnáth.

Cé go bhfuil sneachta na spéire i gceannas ar Chríocha Fáil faoi láthair is amhlaidh go bhfuil sneachta na sróine i gceannas cheana féin le fada an lá ar chuid mhaith de na daoine atá i gceannas ar shaol na tíre.

An aon ionadh é go bhfuil an tír ina raic?

Is léir anois go bhfuil, i measc na dtráchtairí go léir, daoine ann i láthair na huaire a bhfuil deacrachtaí acu an scéal a... - abraimís - "ionramháil" nuair a phléitear é os comhair an phobail.

Agus is suimiúil arís a fhusacht a ghintear toilteanas na n-údarás chun riail an dlí a chur as feidhm nuair a bhíonn daoine áirithe le pribhléidí á shárú.


Más fíor é go gcuirtear srianta ar na Gardaí dul isteach in áiteanna siamsaíochta oíche éagsúla toisc nár chóir dóibh a fháil amach a mbíonn ar siúl iontu, tagann sin le ráfla a chuala mé i mBeirlín roinnt blianta ó shin.

An é go bhfuil forlámhas an tsneachta niós forleithne ná a cheaptar?

Agus an dtabharfaidh an choscairt chun solais é?




6 comments:

  1. “Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.” - Matha 10:26

    ReplyDelete
  2. Níl ann ach ceist ama, mar sin.

    Ach bhí an aos órga ann riamh, agus beidh riamh is eagal liom.

    ReplyDelete
  3. Tá scéal ar an nuacht anseo anocht faoin stuif sin a luadh sna páipéir éagsúla, ráiteas ó RTÉ srl.

    Níl an scéal seo ag fáil bháis fós...

    ReplyDelete
  4. “Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.” - Matha 10:26

    Bagairt nó gealltanas: cé acu ba mhó a bhí i gceist ag Matha?


    @ Aonghus + Áine

    An gcuireann an gnáthphobal thall mórán suime sa cheist nó an feiniméan na meán é go príomha?

    Ar aon nós, déarfainn go bhfuil ragobair á déanamh ag na brathadóirí caca tairbh i láthair na huaire.

    ReplyDelete
  5. Ba bhreá liom a cheapadh go dtiocfaidh scéal as seo, agus roinnt milliúnaithe RTÉ a náiriú agus Gardaí lofa a ainmniú, ach tháinig an scéal seo chun solais san SINDO!
    An Sindo in ainm Chroim!

    Agus, iontas na n-iontas tháinig sé ó pheann lofa Jim (Is ionann muintir Ghaeltacht Iorrais agus an IRA) Cusack agus Niamh (Goorls Noight on the touwn) Horan.

    Bheadh iontas orm dá mbeadh aon fhírinne sa scéal.

    ReplyDelete
  6. @ 'An gcuireann an gnáthphobal thall mórán suime sa cheist nó an feiniméan na meán é go príomha?'

    Tá suim ag an ngnáthphobal ann, go deimhin.

    Bhí go leor daoine a d'éisteadh le Gerry thar na blianta, agus cheapfainn féin go bhfuil siad iontach buartha faoin méid atá le cloisteáil, agus le léamh, acu, na laethanta seo.

    Bíodh sé fíor nó ná bíodh, a Dhubhaltaigh, is dócha gur fearr an scéal a fhiosrú, le fáil réidh leis an éiginnteacht.

    ReplyDelete