Saturday, December 18, 2010

nath don nollaig XVIII...


As Tré 91:
gen snechta oc legad...
(miongháire sneachta ag leá...)

Ach cad a dhéanann sneachta agus é fós ag reo? Grainc?


I fiocchi di neve sono tra le cose più fragili eppure guarda che possono fare insieme.
(Ón Iodáil.)

Tá calóga sneachta ar na nithe is leochailí ach féach cad is féidir leo a chur i gcrích le chéile.

Nó an leagan gonta cáiliúil de:

Ní neart go cur le chéile.



Thug an nath thuas tré i mo cheann dom:

Trí chineál sneachta na haimsire láithreach
sneachta forghabhálach na spéire
sneachta ceiliúránach na sróine
calóga daonna nach sneachta fós iad


9 comments:

  1. Sneachta an lae inné....

    (Cá bhfuair tú an tré?)

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. É seo a bhí i gceist agam
    As Tré 91:
    gen snechta oc legad

    ReplyDelete
  4. Anseo: http://en.wikipedia.org/wiki/Triads_of_Ireland

    ReplyDelete
  5. GRMA. Feicim nach bhfuil na nascanna ón leathanach ag feidhmiú feasta.

    ReplyDelete
  6. Is féidir iad a dheisiú!

    Féach http://www.ucc.ie/celt/published/G103006/app161.html mar shampla.

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, is léir ón tré ar fad gur bagairt is ea miongháire an sneachta ag leá - de bharr na fuarlaigh a leanann é, is dócha.

    ReplyDelete
  8. Ní mór an taithí a bhíonn agaibh thall le sneachta - cé is moite den bhliain seo!

    An é gur scríobhadh an tré le linn mion-oighearaoise?

    ReplyDelete