Monday, December 20, 2010

nath don nollaig XX...



Táim díreach tar éis an leabhar faoin bhforthéamh domhanda le Matt Hussey a léamh agus mholfainn é d'éinne a bhfuil léargas gearr cuimsithe ar an ábhar ag teastáil uaidh. Tuilleadh uaim ar an ábhar seo ar ball, ceapaim.

Agus cá bhfios, b'fhéidir go bhfuil an aeráid gríosaithe chomh mór sin againn faoi seo go bhfuil sí, i láthair na huaire, i mbun cor suntasach a chur di dá bharr. Agus go mbeidh gach geimhreadh atá amach romhainn fuar agus sneachtúil amhail an ceann seo.

Ach má tá an salann agus an grean imithe i léig ar fud na hEorpa ní gá dó a bheith amhlaidh i gcás soláthar nathanna a bhfuil tagairt don sneachta iontu.

Bhíos ag ceapadh go mbeadh go leor ar fáil i gCríoch Lochlann i bhfianaise an mhéid sneachta a bhíonn ann gach geimhreadh.

Agus cinnte go leor, ba i measc na nIoruach a fuair mé an soláthar ba mhó.

Chuir sin ag smaoineamh mé go mbeadh na Gaeil - go dtí go mbeidh a gcinn féin cumtha acu - in ann úsáid a bhaint as na nathanna siúd. Ar bhonn eatramhach mar a déarfá.

 Mar faoi mar b'eol do Ghaelaibh riamh anall, má bhíonn tú ag dul i ngleic le hábhar éigin, is fearrde an ionramháil an seanfhocal bainteach.

(Ceapaim féin, áfach, gur féidir nach mbeidh an chiall le cuid de na nathanna thíos go hiomlán nochtaithe, mar a déarfá, go dtí go mbeifear imithe i bhfad níos faide i dtaithí ar an sneachta.)



Sønnavind og sol jagar vekk snøen.

Cuireann an ghaoth aneas agus an ghrian an ruaig ar an sneachta.



Det gode skal en hugge i fjell, det onde skal en skrive i snø.

Ba chóir don mhaith a bheith greanta ar charraig, an t-olc scríofa sa sneachta.



Slaps er snø som har hatt en dårlig dag...

Is sneachta greallach a raibh droch-lá aige...



Man kan sette poteter i snøen, men har lite igjen for det.

Is féidir prátaí a chur sa sneachta, ach is beag an tairbhe a bhainfeá as.



La hver mann måke snøen for sin egen dør og ikke bry seg om rimet på grannens tak.

Lig do gach éinne an sneachta os comhair a dhorais féin a chartadh agus gan bac leis an sioc ar dhíon na comharsan.



Du kan ikke skjule dine fotspor når du går på snø.

Ní féidir leat loirg do chos a cheilt sa sneachta.



Før du elsker, lær å løpe gjennom snøen uten å sette spor.

Sara dtéann tú i mbun an ghrá, cuir ar do chumas conas a ritear trí sneachta gan rian a fhágaint.



Å vaske huset mens barna enda sover, er som å måke innkjørselen før det har sluttet å snø.

An teach a ghlanadh le linn do na páistí a bheith ina gcodladh, is cosúil é sin leis an cabhsa a shluaisteáil saor sara bhfuil deireadh leis an sneachta.

3 comments:

  1. Roinnt leasaithe:
    Is ionann an teach a néatú agus na leanaí ina luí, agus an cabhsa a ghlanadh roimh deireadh an tsneachta.

    Cartadh gach aoinne an tsneachta roimh a dhoras fhéin, gan bheann ar sioc díon na gcomharsan.

    Go raibh an mhaith greanta i gcloch; an t-olc scríofa ar sneachta.

    Ruaigeann an ghaoth aneas agus an ghrian sneachta.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Ormondo. Is maith liom iad, go háirithe an ceann seo:

    'Sara dtéann tú i mbun an ghrá, cuir ar do chumas conas a ritear trí sneachta gan rian a fhágaint.'

    ReplyDelete