Thursday, June 25, 2009

An Taoille Tuile (Gluais) - Leathanach 36

(L.36)
cantal = míshástacht, colg, crostacht / plaintiveness; peevishness, petulance
Ar fháisceadh uirthi na mbalcaisí ba sholáimhsithe = agus í ag cur na n-éadaí uirthi féin ab éasca di a láimhseáil / "squeeezing" on the handiest garments
luaidreán = ráfla / rumour
ag clamhsán faoina laghad spré = ag tabhairt amach faoi cé chomh beag is a bhí an spré (dowry)
fuíoll / remainder, anseo surplus
cur suas d'fhuíoll na bhfuíoll = an cornu copia a fhágaint taobh thiar duit / giving up the abundance
iall / (shoe)lace
an dara súilín íochtair / the second hole (eyelet) from the bottom
faltanas = olc, spíd, binb (chun duine); fonn díoltais / spite, grudge
cheana / anseo indeed
scaird tae / "squirt" of tea, drop of tea
brín = fear óg meidhreach
an citeal ina shrann fhiuchta = bhí gal ag teacht amach as an gciteal mar a bheadh an citeal ag srannadh (snoring) / "the kettle in its boiled snore"
máimín / small handful
coirce / oats
srathaithe / tied
gean = cion, grá / affection
ceannaghaidh / (of face) feature
téaltaigh = síothlaigh
mosán = cantal; ceisneamh, gearán / irritation, annoyance; grumpiness; complaint, reproach, unpleasantness
ar an toirt = láithreach baill / straight away, immediately
Is mór an acmhainn a bheadh aici ar = is maith a bheadh sí in ann cur suas le
anglántacht / quarrelsomeness
aranta = cantalach, drisíneach / irritable, ill-humoured anseo angry (word)
milleán = locht / blame
cliabh / basket anseo creel
ag cnádadh = ag dó go mall gan lasair / "smouldering" (his pipe)
dheamhain sop feamainne / not a wisp of seaweed, "divil's the bit of seaweed"
deamhan / demon
cora / anseo rocky ridge extending into sea
lánúin / (married) couple

1 comment:

  1. Ciallaíonn fáisceadh "wrap tightly" freisin.

    c.f. an mallacht úd "Marbhfhaisc ort", eadhon "May you be wrapped in your shroud!"

    ReplyDelete