Ceann eile: do dheineas trascríobh den chlár seo a leanas ón sraith "Scéala Éireann" / RnaG. Arís tá súil agam go mbainfí tairbhe as i measc lucht na bhfoghlaimeoirí.
http://dynamic.rte.ie/quickaxs/209-rng-scealaeireann.smil
"Oileán na Naomh agus na nOllamh"
"Beagnach dhá scór bhliain ó shin ag deireadh na seascaidí agus ag tús na seachtódaí bhí feachtas láidir bolscaireachta agus toghchánaíochta sa tír seo faoi cé acu ar chóir nó nár chóir d'Éirinn ballraíocht a lorg sa chomhphobal Eorpach, an Comhmhargadh mar a tugtaí air san am sin, an tAontas Eorpach anois. Sa díospóireacht phoiblí seo bhí go leor le rá ag bolscairí ar an dá thaobh den argóint faoin cheangal agus an caidreamh, s'é sin faoi na teangmhálacha a bhí idir Éire agus Mór Roinn na hEorpa riamh anall, síos trí na céadta bliain. Déanadh tagairt ach go háirithe sa díospóireacht don ré órga úd, más fíor, nuair a thug manaigh agus scoláirí na hÉireann lóchrann na Críostaíochta agus an léinn leo go dtí pobail agus tíortha éagsúla ó cheann ceann na hEorpa. Ba í an gaisce seo ag ár lucht léinn agus cráifeachta a thuill an gradam "Oileán na Naomh agus na nOllamh" d'Éirinn. Ar ndóigh, is le mórtas cine a mhúscailt is mó a luaitear an "Ré Órga" úd. Sin, agus le meabhrú dúinn gur chóir d'Éireannaigh a bheith bródúil as an oidhreacht agus iad ag plé le tíortha eile an domhain, agus gur chóir dúinn cuimhneamh ar ár ngaiscí san am atá caite nuair atáimid ag leagan síos spriocanna dúinn féin i gcúrsaí oideachais, cuirim i gcás, nó i gcúrsaí cultúrtha i gcoitinne. An bhfuil teideal ceart againn don ghradam sin "Oileán na Naomh agus na nOllamh"? Ar thuilleamar é san aimsir úd fadó? Seo é an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín chun an scéal a phlé:
Do bhí clú agus cáil ar an dtír seo ar fud na hEorpa tráth mar "Oileán na Naomh agus na nOllamh" agus tá fós. Rud faiseanta ea ba é fiú ar an Mór Roinn aimsir an Chathail Mhóir, nó Charlemagne, cuir i gcás, bheith ag maíomh gurb é naomh éigin Éireannach a bhunaigh an eaglais béaldorais. Cuir i gcéill ea ba cuid dó sin, ar ndóigh, ach ní cumadóireacht amach is amach a bhí i gceist i gcónaí. Ón uair gur thosnaigh na Gaeil ar a bheith ag taisteal ar fud na Mór Roinne, s'é sin ó dheireadh na séú haoise ar aghaidh, bhí meas thar na bearta orthu ag muintir na hEorpa ar a naofacht, ar a gcráifeacht agus ar a gcuid léinn chomh maith. Tá a rian sin le feiscint go minic sna logainmneacha ar fud na Mór Roinne, ach níos mó ná sin, sna leabhair go léir a d'fhág na manaigh úd ina ndiaidh agus atá le feiscint inniu i leabharlanna ar fud na hEorpa. Tá breis agus céad caoga díobh sin fós ann agus léiríonn gach aon cheann acu ní hamháin go raibh an Laidin ar a dtoil ag gach éinne de na scoláirí gaelacha siúd, nach beag, ach go raibh níos mó ná sin ag cuid acu, an Ghréigis agus fiú blúire den Eabhrais chomh maith.
Ábhar iontais ar shlí is ea a mhaithe is a bhí caighdeán an léinn sna mainistreacha in Éirinn fadó. Ó thaobh stair na Críostaíochta de bhí an creideamh déanach ag teacht chun na tíre seo. Faoin am gur tháinig, ag deireadh na ceathrú haoise b'fhéidir nó tús na cúigiú haoise, bhí traidisiún an léinn fréamhaithe go domhain ar fud na hImpireachta Rómhánaigh. Nuair a tháinig an creideamh mar sin tháinig traidisiún na leabhar ina theannta, an Bíobla go háirithe. Ach tharla rud anseo in Éirinn nár tharla in aon áit eile roimhe sin ar an Mór Roinn. Toisc nach raibh an tír seo riamh ina cuid d'Impireacht na Róimhe agus go mór mór toisc an Laidin gan bheith mar ghnáththeanga na ndaoine dá réir, d'fhág sin gur chaith an eaglais déileáil le traidisiún an léinn dúchais mar a bhí anseo in Éirinn leis na céadta bliain roimhe sin. Ní hamháin go raibh teanga dhúchais againn seachas an Laidin agus bhí traidisiún na cumadóireachta go láidir sa teanga sin. An túisce a bhí greim ag na Gaeil ar a bheith ag scríobh san aibítir Rómhánach cleachtadar a bheith á húsáid chun an Laidin agus an Ghaeilge a scríobh. Sin é an fáth go bhfuil carn mór againn sa tseanGhaeilge idir fhilíocht agus prós atá i bhfad níos ársa ná litríocht an tseanBhéarla, mar shampla, ná an litríocht dhúchais in aon tír eile ar fud na hEorpa.
Conas ar éirigh leis na Gaeil greim chomh maith sin a fháil ar an léann agus go mór mór ar an Laidin, teanga nár theanga dhúchais dóibh í? Deir scoláirí an lae inniu gurbh fhearr go mór na scoileanna in Éirinn an uair úd ná mar a bhí in aon tír eile san Eoraip, lasmuigh b'fhéidir den Spáinn. Do rug na Gaeil greim chomh docht daingean sin ar an litríocht agus ar chultúr na Róimhe gur dheineadar a gcuid féin díobh araon agus chuireadar a riocht féin orthu ina dhiaidh sin. An saghas peannaireachta a chleachtadar, mar shampla, bhí sé mar chomhartha aitheantais orthu nuair a chuadar thar lear. Is ionann é agus an cló gaelach a bhí sna leabhair clóscríofa againne go léir go dtí gur caitheadh suas é sa deireadh thart ar a leathchéad bliain ó shin nó mar sin de. Na maisiúcháin a dheineadar ar na leabhair naofa ansin, na soiscéil agus mar sin de, is cuid í sin leis den oidhreacht ghaelach a thugadar leo ón gcliabhán. Ní raibh a leithéid le feiscint in aon leabhar eile riamh roimhe sin mar nár nós ag na Rómhánaigh maisiúcháin dá shórt a úsáid. Na nósanna a cleachtadh ag scríobhaithe eaglasta na hÉireann i gcás Leabhair Dharmhaigh (Book of Durrow), abair, agus i Leabhair Cheannanais (Book of Kells) is nósanna iad a cheapadar féin. Ní hamháin an stíl pheannaireachta a bheith éagsúil agus gaelach - Libri Scottici Scripti a bhaist duine amháin orthu ar ball, s'é sin le rá: leabhair scríofa ar an nós gaelach, Scottici - ach bhí ceird na healaíne cumtha acu a chuir riocht nua ar fad ar a gcuid leabhair naofa.
Ach bhí rud níos bunúsaí fós déanta ag na Gaeil le traidisiún na leabhar mar a bhí roimhe sin. Má chuirtear leabhar Éireannach ón dtréimhse sin i gcomórtas le haon leabhar mór a breacadh, abair, sa Róimh thart ar an mbliain 500, chífear gné suntasach faoi leith ag leabhar na nGael. I gcás na Rómhánach níor nós leo na focail a scarúint óna chéile ar an leathanach nár níor chleachtadar riamh cinnlitreacha a úsáid ná poncaíocht a léireodh cár thosnaigh na habairtí go léir agus cár chríochnaíodar. Scriptura continua a bhaisteadar féin ar an sórt sin peannaireachta, scríbhneoireacht leanúnach, an téacs ina bhloc mór dubh ar an leathanach gan aon roinnt idir na focail ná aon ní eile a thabharfadh don aneolaí nod conas an díol rud a léamh. Níor ghá dóibh é mar gur thuigeadar go ró-mhaith conas litríocht mhór na Laidine a léamh. Ach i gcás an Éireannaigh bhoicht nach bhfaca riamh a leithéid, bhí sé i bponc.
Do dhein na scoláirí gaelacha ansin rud nár dhein éinne eile roimhe sin. Scaradar na focail óna chéile ar an leathanach, chuireadar ceannlitir ag tús gach abairte agus cheapadar córas poncaíochta chun mionranna na habairte a léiriú go soiléir don té a bhí ar bheagán Laidine. S'é sin le rá, do chumadar leagan amach an leathanaigh clóscríofa faoi mar is nós linne inniu é. The Grammar of Intelligibility a bhaist scoláire mór Sasanach air tamall de bhlianta ó shin agus is é an toradh is bunúsaí agus is buaine é a d'fhág ár sinsear le huacht ag sibhialtacht na hEorpa agus an domhain trí chéile.
Ní foláir nó bhí tionchar láidir ar an gcultúr Laidine acu, cultúr na Róimhe agus cultúr na heaglaise araon, ag na nósanna a bhí á gcleachtadh ag filí agus baird agus ag ealaíontóirí na tréimhse réamhchríostaí. Níor thugadar na Gaeil droim láimhe riamh le gach dar bhain leis an traidisiún dúchais nuair a ghlacadar chucu an Chríostaíocht. Is é an meascán ar an dá gné sin, an cultúr dúchais agus cultúr idirnáisiúnta na heaglaise is mó faoi ndear don bhorradh a tháinig ar chultúr na hÉireann sa luaththréimhse agus a dhein "Oileán na Naomh agus na nOllamh" den tír ar fad. Tá a rian sin le feiscint ní hamháin sa litríocht a chumadar ach i gceird na dealbhóireachta leis. Nuair a fheicimid inniu na crosa arda i gCluain Mhac Nóis (Clonmacnoise) , mar shampla, nó i Mainistir Bhuithe (Monasterboice) tuigtear dúinn go raibh saoir chloiche den scoth in Éirinn i bhfad sara dtáinig an Chríostaíocht. Ciarán Mac An tSaoir ea b'ainm do Chiarán Chluana i ndeireadh na dála.
Mar an gcéanna leis na cailísí cáiliúla úd a tháinig anuas chugainn ó luaththréimhse na heaglaise in Éirinn, cailís Ardacha agus cailís Dhoire na bhFlann a tháinig chun solais sa bhliain 1980. Níorbh iad na Gaeil a chéad cheap an cupán nó an chailís, dar ndóigh, ach b'iad ab fhearr a chuir ornáidíocht agus maisiúcháin orthu mar go raibh ceird na hornáidíochta chomh láidir sin in Éirinn roimh theacht na Críostaíochta.
Is liosta le háireamh iad na scoláirí agus na fir agus na mná naofa a tháinig chun cinn in Éirinn ó aimsir Phádraig anuas go dtí an naoú aois agus níos déanaí ná sin. Ciarán Chluana ea ba duine acu mar a dúirt agus baisteadh "múinteoir na naomh" ar Naomh Fionáin Cluana hEraird toisc oiread sin scoláirí do bheith mar mhic léinn aige. Ábhar mórtais dúinn is ea é a líon scoláirí a bhí sna mainstreacha na laethanta úd agus a líon téacsanna a chumadar sa Laidin agus sa tseanGhaeilge. Níl aon ní mar é le fáil in aon tír eile ar fud na hEorpa, an Iodáil san áireamh.
Níl ach oiread aon oidhre ar líon na scoláirí agus na fir naofa a thug aghaidh ar an iasacht ó dheireadh na séú haoise ar aghaidh. Ait mar a deirtear é níl aon chúntas iontaofa againn ar mhná na hÉireann do bheith ag triall ar an Mór Roinn murab ionann, mar shampla, agus mná Shasana sa tréimhse chéanna.
An duine ba thúisce díobh go léir agus an fear ba mhó cáil díobh, b'fhéidir, ná Naomh Colm Bán. Rugadh agus tógadh é i gCúige Laighin, thug sé aghaidh ar mhainistir Bheannchair (Bangor) ó thuaidh agus tar éis dó tréimhse a chaitheamh ansin bheartaigh sé dul chun na Mór Roinne ar son na Críostaíochta. Bhunaigh sé trí chinn de mhainistreacha san Fhrainc agus chaith fiche bliain ansin sara díbríodh sa deireadh é. Faoin am gur cailleadh é i mBobbio na hIodáile sa bhliain 615 bhí clú agus cáil bainte amach aige, ní hamháin dó féin ach do na nósanna gaelacha a rug sé leis. Do chuir sé litreacha ag beirt Phápa agus níor leasc leis bheith á gceartú fiú, nuair ba ghá, dar leis. Na Gaeil a tháinig ina dhiaidh: Fiachra san Fhrainc, Cillian na Gearmáine agus na sluaite eile nach iad, leanadar leis an traidisiún sin agus tá clú dá réir ar scoláirí móra gaelacha na naoú haoise. Sedulius Scottus agus Johannes Scottus Eriugena - "a rugadh (gineadh) in Éirinn" : sin é an bhrí atá le "Eriugena" - an scoláire ab fhearr ar fad san Eoraip ina aimsir féin.
Deirtear gurb é an scoláire Proinsiascánach sa seachtú haois déag as Tír Chonaill Seán Mac Colgán (John Colgan) a cheap an teideal úd "Oileán na Naomh agus na nOllamh" mar leasainm ar Éirinn fadó. Do mhair an traidisiún anuas go dtí an aimsir féin agus pé rud is féidir a rá i dtaobh na naomh tá traidisiún na scoláireachta beo fós inár measc."
GLUAIS
feachtas láidir bolscaireachta agus toghchánaíochta / intense campaign of propaganda and electioneering
faoi cé acu ar chóir nó nár chóir / about "whether it would be right or not right"
ballraíocht / membership
teangmhálacha / contacts
manaigh / monks
lóchrann na Críostaíochta agus an léinn / torch (guiding light) of Christianity and learning
ó cheann ceann na hEorpa / from one end of Europe to the other
a thuill an gradam / that earned the distinction
is le mórtas cine a mhúscailt / it is to arouse national pride (pride of race)
agus le meabhrú dúinn / and to remind us
bródúil as an oidhreacht / proud of the heritage
ag plé le tíortha eile / dealing with other countries
ag leagan síos spriocanna dúinn féin / laying down targets (goals) for ourselves
An bhfuil teideal ceart againn...? / Are we rightly entitled...?
bheith ag maíomh / to (be) assert(ing)
Cuir i gcéill / Make-believe
cumadóireacht / fabrication; composition - depending on the context
ar a dtoil / ar a gcumas
fiú blúire den Eabhrais / even a bit of Hebrew
fréamhaithe (préamhaithe) go domhain / "rooted deeply"
ar fud na hImpireachta Rómhánaigh / throughout the Roman Empire
carn mór / big heap
chuireadar a riocht féin orthu / "they put their own shape on them"
peannaireachta / of penmanship
mar chomhartha aitheantais / as an identication mark
maisiúcháin / ornamentations
ón gcliabhán / "from the cradle"
bhí ceird na healaíne cumtha acu / "they had created an artisanship"
chífear / feicfear
cinnlitreacha / capital letters
poncaíocht / punctuation
i bponc / i sáinn
le huacht ag sibhialtacht na hEorpa / as a testament to European civilization
saoir chloiche / stone masons
na cailísí cáiliúla / the famous chalices
sara díbríodh sa deireadh é / until he was banished in the end
No comments:
Post a Comment