Tuesday, June 30, 2009

Gael Linn?


Gegenstromanlage a chuirtear ar an bhfearas frithshrutha seo sa Ghearmáinis ar cineál linn snámha é a mbíonn na snámhóirí Oilimpeacha ag traenáil istigh ann. Ní gá leis a bheith ró-fhada mar, i ndáiríre, ní thagann na snámhóirí chun cinn in aon chor agus iad ag síor-streachailt in aghaidh srutha saorga.

Níor éirigh liom aistriúchán oifigiúil a aimsiú dó ach rith sé liom ar aon nós gurbh fhéidir "Gael linn" a chur air - ar bhonn eatramhach, mar a déarfá.

Dob é "Linn na nGaeilgeoirí" an chéad rud a bhí ar m'aigne agam ach ní raibheas cinnte de go mbeadh fad an fhriotail úd go hiomlán i gcomhréir le fad na linne a léireodh sé. Mar sin do thógas é beagáinín as a riocht agus do dheineas "Gael linn" de - mar gheall ar ghontacht an fhriotail.

Ach is fearr, dar liom, a léiríonn "Linn na nGaeilgeoirí" conas mar a fheidhmíonn an fearas siúd agus na Gaeilgeoirí i gcónaí ag snámh in aghaidh an easa.

1 comment:

  1. Bíonn Gaeil síoraí seasta - ag snámh in aghaidh easa! fritheaslann?

    ReplyDelete