Mar is eol don saol téann an fharraige amach (tránn sí) agus is é an staid ina bhfuil sí ag an bpointe is faide amach sula n-íompaíonn sí ná „lag trá“. Ansin tagann an fharraige isteach (tuileann sí) agus is é an staid ina bhfuil sí agus an uisce ag an bpointe is airde sula n-íompaíonn sí arís ná „lán mara“. Tarlaíonn an méid sin tuairim is dhá uair gach lá. Is é an ghealach, fórsa imtharraingthe na ghealaí, an phríomhchúis do na taoidí. Tá tionchar níos laige ag an ngrian ar an taoide.
Oibríonn fórsaí na gealaí agus na gréine le chéile dhá uair sa mhí agus iad ailínithe (aligned) leis an domhan ag amanna na gealaí úire agus na gealaí láine agus is é an rabharta (spring tide) an t-ainm don taoide ag an am sin.
Is airde lán mara an rabharta ná an lán mara le linn aon taoide eile agus is ísle lag trá an rabharta ná an lag trá ag aon am eile. Os rud é gur ísle an lag trá ag am an rabharta ná le linn aon taoide eile nochtar an chuid is íochtaire den chladach le linn an rabharta. Is í sin an áit nach féidir teacht uirthi ag aon am eile agus nach féidir an fheamann a fhásann ann a bhaint ach amháin ag am an rabharta agus is é sin gné speisialta an rabharta ó thaobh bhaint na feamainne de.
Cuirtear mallmhuir (neap tide) ar an taoide a tharlaíonn idir dhá rabharta agus an aimplitiúid nó fad is lú aici idir lag trá agus lán trá.
No comments:
Post a Comment