Thursday, September 30, 2010

gearrscéal nua (uaimse)...


Cé nach bhfuil mórán blagáilte agam sna seachtainí beaga, ní hionann sin is a rá nach rabhas gníomhach sa chúlra, taobh thiar den scáileán, mar a déarfá.

Tá thart ar 8,000 focal sa scéal thuas dar teideal "Sa Bhliain 2015". An gearrscéal nó nóibhille é?

Bhaineas triail as gearrscéalta a scríobh roinnt blianta ó shin. Le léargas beag a fháil ar ealaín na scríbhneoireachta a dheineas sa chéad áit é chun go bhféadfainn na saothair litríochta a mheas ní ba fhearr agus taitneamh ní ba mhó a bhaint astu. Tá siad uilig caillte anois seachas ceann amháin.

An chéad cheist a chuir cara de mo chuid orm nuair a bhí an chéad scéal léite aici ná an scéal saghas dírbheathaisnéiseach a bheadh ann! Amhail agus nach ritheadh aon ní eile chugam ná chuig mo shamhlaíocht ach sonraí seanchaite mo shaoil féin!

Ar aon nós, cuirtear an cheist chéanna minic go leor nuair a bhíonn saothair litríochta faoi scrúdú ag an lucht léirmheastóireachta.

Dar ndóigh, bionn go leor ficsin le léamh i ndírbheathaisnéisí agus go leor den fhírinne i scéalta a dhíoltar go hionraic faoi chatagóir an fhicsin.

Puinn dírbheathaisnéise sa cheann thuas, geallaim daoibh agus conas ab fhéidir é gan a bheith amhlaidh: nach sa bhliain 2015 atá sé suite?

Ar maithe le éascaíocht scrollaithe tá an scéal roinnte ina choda 1 - 9. Agus ar mhaithe le éascaíocht tuisceana tá gluaiseanna ag dul leis, cé nach bhfuil siad uilig críochnaithe agam fós.

(Agus tá sé ar fáil ina iomláine mar pdf anseo:

http://www.box.net/shared/yi1ab66abi - agus leanfaidh an ghluais ar ball.)


Sa Bhliain 2015 (1): I & II

Sa Bhliain 2015 (2): III

Sa Bhliain 2015 (3): IV

Sa Bhliain 2015 (4): V & VI

Sa Bhliain 2015 (5): VII & VIII


Sa Bhliain 2015 (6): IX, X & XI

Sa Bhliain 2015 (7): XII, XIII & XIV

Sa Bhliain 2015 (8): XV

Sa Bhliain 2015 (9): XVI (Deireadh)

Gluais 1: I, II & III


Gluais 2: IV, V & VI


(Bhí ar intinn agam formáid eile a chur orthu ach deineadh scrios ar an bhformáid arís is arís. Dheamhan a fhios agam cad ba chúis leis, ach d'fhan mé leis an bhformáid is simplí sa deireanas.)

5 comments:

  1. Maith thú, a chara!

    Táim as baile, ach beidh deis agam súil a chaitheamh ar na míreanna uait i gceann seachtaine, nuair a bheas mé sa bhaile.

    Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ag freastal ar cheardlann scríbhneoireachta an deireadh seachtaine seo - ag foghlaim liom, an dtuigeann tú...;-)

    ReplyDelete
  2. Céard faoi pdf a dhéanamh agus é chuir suas ar Box.net nó a leithéidí?

    ReplyDelete
  3. Ó, deas!
    Ag súil go mór an ceann seo a léamh. Go raibh maith agat a Ormondo.

    Sílim go bpriontálfaidh mé an scéal amach i gcomhair éascaíocht léimh de

    ReplyDelete
  4. "Céard faoi pdf a dhéanamh agus é chuir suas ar Box.net nó a leithéidí?"

    "Sílim go bpriontálfaidh mé an scéal amach..."

    Glacfaidh mé leis an moladh ó Aonghus agus cuirfidh mé suas mar pdf é. Leanfaidh fógairt ar ball

    ReplyDelete